SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
cur i gcrích nó ar fáil (obair a dhéanamh); comhlíonadh (an carghas, do dhualgas, a dhéanamh); cleachtadh (léann nó eolas a dhéanamh); cur le chéile (rinne Dia an domhan, bád a dhéanamh); ullmhú, cóiriú (an dinnéar a dhéanamh); cruthú (déanfaidh sé lá maith fós); sroicheadh (talamh a dhéanamh, na ceithre scór a dhéanamh); tarraingt (achrann a dhéanamh); bheith páirteach i (comhrá, greann, a dhéanamh); tabhairt (seanmóir a dhéanamh); (le haidiacht) (rinne sé tuirseach mé); ceapadh (tá mé ag déanamh go bhfuil an ceart agat; déanaim amach go bhfuil); cruth (rud ar dhéanamh uibhe); bheith sásta le (caithfidh tú déanamh leis, as)
mín, leibhéalta (áit, talamh réidh); socair, bog (siúl go réidh; tóg go réidh é); réchúiseach (is réidh a tháinig an bhréag leis); ullamh (tá an dinnéar réidh; an bhfuil tú réidh fós?); críochnaithe (abair é is bí réidh leis)