SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
mír chéime (a ghéire atá sé, ar a dhéanaí)
(le caint, focail etc.) nimh, gangaid, géire
géire súile nó intinne; soiléireacht (grinneas smaointe)
gan ghruaig (fear maol); gan fás (paiste maol); gan chumhdach, gan chosaint (cuireata maol); gan adharca (bó mhaol); bearrtha (imill mhaola); gan díon (teach maol); gan faobhar (scian mhaol); leacaithe (áirse mhaol); íseal (torann maol); gan géire intinne (is maol atá do cheann ort); déanach (maol sa lá); (mar fhocal treisithe) (bhí sé maol tarnocht)
gan a bheith beo, imithe den saol; gan bheocht gan bhrí (tá an intinn marbh ann); ina stad (uisce marbh); gan úsáid (airgead marbh); gan ghéire (pian mharbh); lag, balbh (fuaim mharbh)