SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
rud amháin ann féin; caighdeán tomhais (is é an punt an t-aonad airgid atá in Éirinn)
leithead éadaigh agus dathanna éagsúla air, crochta ar cuaille (uaine, bán agus flannbhuí na dathanna atá ar bhratach na hÉireann)
roinn riaracháin tíre (Tá 32 contae i dtír na hÉireann)
géag crainn; brainse d'eagraíocht (craobh de Chonradh na Gaeilge); bua (an chraobh a bheith leat; craobh na hÉireann); dual gruaige; fraoch fada láidir
ceann de cheithre ranna móra na hÉireann
a léiríonn scaradh etc. (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint etc. (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth); de + a4 = dá4 ; de + an = den; de + ar = dar3 ; de + ár2 = dár1 ; de + ar3 = dár2
caitheamh amach as tír nó as áit (díbríodh as Éirinn iad)
dlíthe dúchais na hÉireann anallód
buíon laochra fadó (fianna Éireann; Fionn agus na Fianna); díorma saighdiúirí, foireann, drong
ar dhath an oráiste (Uaine, bán, agus flannbhuí na dathanna atá ar bhratach na hÉireann)
dúchasach in Éirinn; comónta, coitianta
an t-éan farraige is mó ar chóstaí na hÉireann
duine as tír iasachta, go háirithe Sasanach nó Normannach nó Lochlannach i stair na hÉireann
(sa stair) saighdiúir Albanach ar seirbhís in Éirinn
an réigiún thiar (iarthar Éireann); an chuid thiar, an iargúil (iarthar an tí, sna hiarthar seo); tóin
an chuid is faide síos de rud, tóin (íochtar coca, in íochtar an ghleanna); bonn (íochtar bróige); sciorta (blús is íochtar); tuaisceart (íochtar na hÉireann)
creimire beag téagartha a réabann poll dó féin sa talamh (Níl sé le fáil in Éirinn taobh amuigh den Zú)
cúrsa timpeall (mórthimpeall na hÉireann)
An Dáil agus an Seanad, Oireachtas Éireann; comhthionól den sórt céanna i dtíortha eile
píb agus boilg léi a shéideann an mála gaoithe - píb na hÉireann
córas rialtais gan rí gan bhanríon, agus uachtarán tofa mar cheann air, mar atá in Éirinn
seirbhís an phoist in Éirinn
an chathair is mó tábhacht (Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann)
tomhas meáchain, díreach faoi bhun leathchileagraim (1 pt = 16 unsa); tomhas airgid in Éirinn agus sa Bhreatain (£1 = l00p)
stíobhard; duine i mbun airgid i gcumann; sagart paróiste in Eaglais na hÉireann
an rud a thoghtar (bain do rogha astu; is tú mo rogha); an rud is fearr le duine (mo rogha bean, rud); malairt (níl an dara rogha agam); togha, scoth (is í rogha ban Éireann í)
cuntas stairiúil (scéal na hÉireann, mo bheatha); eachtra (scéal grinn); cuntas nó cur síos ar rud a tharla (scéal tubaisteach); nuacht (an bhfuil aon scéal nua agat?); cúrsa, cás (seo mar atá an scéal; sin scéal eile); cúis mhilleáin (maith an scéal thú)
fás beag íseal glas agus cluasa air (trí cinn de ghnáth) atá roinnte ina dtrí chuid (suaitheantas de chuid na hÉireann)
cuntas ar an saol atá caite (stair na hÉireann); scéal, tuairisc, cur síos (ag tabhairt startha ar dhaoine); cáil, clú
an domhan (neamh agus talamh); uachtar crua an domhain os cionn uisce nó faoi uisce (titim ar an talamh; chuaigh an long i dtalamh; poll faoi thalamh); ithir, cré (talamh méith; an talamh a leasú); críoch, tír (talamh na hÉireann, ar thalamh an domhain); maoin talún (tiarna talún; tá teach is talamh aige); ball, spota (talún); bonn, bunús (ar thalamh slán)
taisteal, turas (cá bhfuil do thriall?; ag triall ar Éirinn); lorg (dul ag triall ar chabhair)
barr, an chuid thuas (uachtar an tsléibhe; uachtar bróige); dromchla (ar uachtar an uisce); bia ramhar buí a thagann ar bharr bainne, scamhard; deisceart (uachtar na hÉireann)