TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
leath bain2 (leith in abairtí áirithe) cuid den iomlán atá cothrom leis an gcuid eile (déan dhá leath de, leath slí); cuid, roinn (déan trí leath de); taobh, cliathán; treo (an leath tosaigh) ► ar leith, faoi leith i leataobh, leis féin (in áit ar leith); suntasach, speisialta (duine ar leith) ► go leith agus leath (bliain, míle, trí huaire, go leith) ► i leith i dtreo (i leith na láimhe deise); i bhfabhar (i mo leith nó i m'éadan); thar ceann, ar son (paidir i leith na marbh); i muinín (dul i leith Dé); in aghaidh, i gcoinne (chuir sé bréag i mo leith); anseo, abhus, go dtí seo (tar i leith anseo; ó shin i leith) ► i leith is go amhail is dá mba; á cheapadh go
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2