SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
na litreacha ar fad a úsáidtear i dteanga agus iad in ord speisialta
(sa ghramadach) ainm duine nó ruda (mar shampla, is ainmfhocail iad buachaill, Seán, capall, áit)
brath, mothú (airím uaim iad; d'airigh mé sa láthair é; airím chugam féin); cloisteáil (níor airigh mé a leithéid riamh)
substaint, ar nós sóid loiscneach nó potais, atá i gcontráil cheimiceach le haigéad agus neodraíonn siad a chéile nuair a mheasctar iad
fíorbhiotáille i bhfíon nó i bhfuisce nó i ndeochanna láidre eile a dhéanann meisciúil iad
focail agus ceol le chéile agus iad le canadh
is ar éigin (níl ann ach go n-aithním iad)
duine a dhéanann staidéar ar rudaí ársa nó a bhailíonn iad
ach sa bheag, nach mór (beagnach céad ceann; iad go léir beagnach)
planda a bhfuil gais dhearga air agus iad searbh le hithe
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
áit chónaithe do dhaoine óga a bhíonn ag obair agus iad as baile; áras ina bhfaigheann lucht fánaíochta iostas oíche
ball d'ardchomhairle na hEaglaise Caitlicí - is iad a thoghann an Pápa
scríobadh, glanadh (díog a chartadh); leasú, coirtiú (leathar a chartadh); caitheamh, scuabadh (cartadh i dtír iad)
mar a chéile, díreach mar, gan athrú (an áit chéanna; is iad na daoine céanna iad)
ceann leis an gceann eile (aithníonn siad a chéile, mar a chéile iad)
roinnt nótaí ceoil a dhéanann fuaim cheolmhar ar iad a sheinm le chéile
an chuid d'fheithicil a oibríonn ar na rothaí chun iad a mhoilliú nó a stopadh
gasra daoine le chéile, comhluadar (i gcuideachta duine; is breá an chuideachta iad); greann, spórt, caitheamh aimsire (déanfaidh sé cuideachta dúinn); comhlacht gnó
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)
díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!)
cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit)
= de + a4 (le hainmfhocal teibí) (dá airde an cnoc; dá fheabhas iad)
cineál rialtais arb iad na daoine a thoghann na baill go saorálach mar theachtaí uathu féin
= do, de + ár2 (tabhair dár gcairde iad; ní dár ngnó é)
caitheamh amach as tír nó as áit (díbríodh as Éirinn iad)
grúpa daoine, aicme, treibh; roinnt (daoine) (is olc an dream iad); cine (an dream dar díobh é; aon dream amháin iad)
ceann de na mílte meall beag a thaistealaíonn sa spás ar luas millteach (Feictear iad mar réaltaí reatha nó mar chaora tintrí toisc go lasann siad suas leis an bhfrithchuimilt nuair a shroicheann siad atmaisféar an domhain)
easpa soiléire, dofheictheacht; saighdiúirí (nó long nó eitleán) a chur ó aithne ar an namhaid; cleas lena gcuireann ainmhithe áirithe iad féin ó aithint ag a naimhde
ceart nó buannacht shinsearach; ceart oidhreachta; eastát sinsearach (seilbh a fháil ar do dhúchas); d'áit nó do thír féin (filleadh ar do dhúchas); muintearas, cóngas (ní dár ndúchas iad); oidhreacht, luí nó claonadh nádúrtha (tá an t-éitheach sa dúchas aige); staid nádúrtha nó fiáin, fiántas (madra dúchais); a tháinig ó shinsear (ceart dúchais, teanga dhúchais)
ceann ar cheann; i ndiaidh a chéile go tapa; le chéile (ag ól as éadan, maraíodh iad as éadan)
duine a dhéanann gnó (díol nó ceannach) thar ceann duine eile; ceann de dhá uimhir nó breis a mbíonn toradh áirithe orthu nuair a mhéadaítear faoina chéile iad (Is fachtóirí de 8 na huimhreacha 2 agus 4)
ball den chorp a thálann substaintí nó a theilgeann as an gcorp iad
ón am seo amach (ní fheicfear feasta iad); anois díreach (beidh mé ag imeacht feasta)
éadach trom déanta le holann nó le hábhar snáithíneach fionnaidh agus iad rollta nó brúite ar a chéile
ainm, sloinne; leasainm; focal ar nós mé, tú, é, í, iad, etc., a úsáidtear in ionad ainmfhocail
cheal, in éagmais, in easnamh, de dhíth (gan airgead, gan chosaint, gan déanamh, gan an t-am agam, gan mo chead, gan focal as); i dtaobh le (gan agam ach iad); (leis an diúltach) (dúirt sé liom gan teacht)
tógáil nó fáil (ghlac sé mo thoise; bronntanas a ghlacadh; glacadh isteach sa rang iad); a thógáil ort féin (freagracht a ghlacadh; laethanta saoire a ghlacadh); tógáil, aireachtáil (fearg, misneach, a ghlacadh); faomhadh (glacaim le d'fhocal); cur suas le (ní ghlacfainn leis sin uaidh); a theacht ar, gabháil (ghlac dúil sa bhia é)
bualadh trom (duine a ghreadadh le dorn; ag greadadh na gcos ar an urlár; tá sé ag greadadh leis ar an obair; greadadh iad sa chluiche); loscadh ar an gcraiceann (tá mo lámh greadta)
moll d'fhóid mhóna agus iad gróigthe, cnuchaire
bileoga etc., phlanda cnáibe na hIndia a chuirfeadh meisce ort ar iad a chogaint nó a chaitheamh
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
siúnta miotail ar dhoras, ar gheata nó ar chomhla chun iad a dhúnadh agus a oscailt
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
gréasán de lataí adhmaid agus iad ag trasnú a chéile
leathanaigh phriontáilte agus iad ceangailte i gclúdach; roinnt seiceanna, stampaí, leathanaigh fholmha etc. ceangailte i bhfoirm leabhair; mionn, móid (leabhar éithigh a thabhairt)
clann fir chéile nó mná céile duine (ach nach iad a chlann féin iad)
feadóga fada crua de thaos triomaithe cruithneachta a bhogann nuair a bhruitear iad