Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aoin · main · maon · maíonn · Marion
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é maoin de: aon » · maon »
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
maoin bain2 sealúchas, saibhreas
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cumas ar obair nó ar chruatan nó ar chostas a sheasamh; maoin, saibhreas
stoc, eallach; earraí, maoin shaolta; uirlisí
gan dóthain de riachtanais na beatha; gan mórán maoine nó airgid; gan mórán fáis (talamh bocht); gan mórán téagair (beithíoch bocht); gan mórán maise (culaith bhocht); gan mórán tairbhe (obair bhocht); gan mórán dealraimh (leithscéal bocht); dona (pian bhocht, is bocht an scéal é); ina dhíol trua (mo leanbh bocht); ina dhíol drochmheasa (an t-amadán bocht)
airgead nó maoin chun gnó a rith
córas faoina bhfuil seilbh ag daoine agus ag comhlachtaí aonair - agus ní ag an stát - ar mhaoin na tíre
airgead a íoctar as úsáid maoine duine eile, a theach nó a charr mar shampla; cáin; luach (cíos an tobac)
eallach nó maoin a thógtar le foréigean; éan nó ainmhí a sheilgtear chun bia; scrios, caill (mo chreach nár fhan sa bhaile); faraor (mo chreach is mo chás!)
córas rialtais faoinar leis an stát gach cineál tionscail agus tráchtála agus gan aon mhaoin phríobháideach in ainm is a bheith ann (mar atá sa tSín etc.)
maoin phearsanta; taisce
ceart úinéireachta, buannacht; maoin; dílseacht, urraim, ómós (dílse do Dhia); grá, cion
maoin talún; maoin iomlán duine; grúpa tithe a thógfaí in éineacht faoi scéim údaráis áitiúil, etc.
sealbhú talún; maoin talún
maoin, acmhainn, treallús
ligean maoine ar léas
cáin ar luach maoine a íocann an t-úinéir le haghaidh seirbhísí poiblí a sholáthar
atá ann go fírinneach agus ní sa tsamhlaíocht (maoin réadach)
díol, fógairt earraí le díol; craoladh, fógairt go poiblí (dán a reic); brath, sceitheadh ar (an tIúdás a reic iad); cur amú, caitheamh, diomailt (ag reic a maoine)
duine uasal a fhriotháladh ar a uachtarán mar fhear cogaidh; píosa i gcluiche fichille agus ceann capaill air de ghnáth; fear maoine
ráib reatha, go mór mór roimh léim (léim ruthaig); rith cainte; maoin, toirt, neart
loitiméireacht d'aon ghnó ar innealra, maoin etc., ag oibrithe, naimhde le linn cogaidh nó aon duine ar mian leis deireadh nó stop a chur le scéim nó cuspóir nó plean éigin
lán d'airgead nó de mhaoin shaolta; (le talamh) torthúil; (le bia) borb; (le caint) bláfar
a lán airgid nó maoine; bail an ruda atá saibhir
úinéireacht maoine; maoin, ollmhaitheas
úinéireacht, buannacht (níl pingin ar, i, mo sheilbh); lonnú, áitiú (cé atá i seilbh na feirme anois); sealúchas, maoin, eastát (sealbha saolta)
a bhaineann le saoránaigh nó cathróirí, nó le maoin phríobáideach nó le hoibreacha poiblí; múinte, béasach (labhairt go sibhialta)
tabhartas airgid nó maoine; suim airgid a thugtar chun cúise éigin (mar dhéirc nó ar mhaithe le páipéar, iris etc. a sheachadadh)
aon airgead nó maoin atá ar fáil ag duine chun fiacha a ghlanadh
maoin shaolta, saibhreas
eallach; maoin, saibhreas; aon mhaoin a thugann bean léi go dtí a fear ar iad a phósadh
bainisteoir ar theaghlach, ar eastát nó ar mhaoin duine eile; maor soláthairtí nó bia ar bord loinge
stoc, soláthar (stór plúir; stór eolais, focal); maoin, saibhreas (duine ar bheagán stóir); luach, meas (ní chuirim stór ann); grá, taisce (mo mhíle stór); áit stórála, stóras
strus, dua (rinne sé gan stró é); cosc, moill (níor chuir sé cosc ná stró orm); saibhreas, maoin shaolta (lucht stró; ar bheagán stró); mórchúis, maíomh; éirí croí
dua, trioblóid (strus oibre, reatha); stró, straidhn (strus a chur ar bhíoma); saibhreas, maoin shaolta
ábhar; nádúr (d'aon substaint leis an Athair); scamhard, doimhneacht, tathag (bia a bhfuil substaint ann; caint gan substaint); maoin shaolta, saibhreas
duine a shuíonn isteach ar thalamh nó ar mhaoin duine eile gan údarás
Dia, Críost, máistir, rialtóir; úinéir maoine (tiarna talún); teideal uaisleachta nó gradaim (tiarna easpaig)
riail tiarna; maoin talún
bailiú, cruinniú (ag tiomsú fód, maoine); cuardach, ransú
saibhreas, maoin shaolta
tiomna, cáipéis dhlíthiúil a leagann amach cad tá le himeacht ar mhaoin duine tar éis a bháis
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht