Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: abhaile · seanbhaile · abhail · asaile · sabhaí
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
aidiacht shealbhach sa tríú pearsa le hainmfhocal (a bhaile agus a áit, a baile agus a háit, a mbaile agus a n-áit)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
fada siar sa saol (cianaimsir, cianaoiseanna); fada ó bhaile (cianaistear)
arán mar a dhéantar sa bhaile; cáca, bonnóg
eallach nó maoin a thógtar le foréigean; éan nó ainmhí a sheilgtear chun bia; scrios, caill (mo chreach nár fhan sa bhaile); faraor (mo chreach is mo chás!)
leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir)
fuisce neamhdhlisteanach a dhéantar sa bhaile
aon áit taobh amuigh de bhaile mór nó de chathair; aon talamh nó náisiún ar leith (an Fhrainc, an Spáinn - dhá thír san Eoraip); ceantar, réigiún (sa taobh tíre seo); talamh (i gcomórtas le farraige) (dul i dtír, rudaí a chur i dtír); tuath (ceol tíre; buachaill tíre)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht