SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
(le duine) sárú; (le tairne) cur abhaile ar fad agus a bhior a chasadh
rud a thochras thart ar rud eile (rópa a chasadh); lúbadh (do mhurnán a chasadh); dul thart nó cur thart (roth a chasadh); filleadh ar ais (casadh abhaile); seinm, canadh (amhrán, port, a chasadh); bualadh le (castar na daoine ar a chéile); cur i leith (ní á chasadh leat é); lúb, cor (bóthar lán de chastaí); rince (rud a chur ar casadh)
gaireacht (bheith i gcóngar áite); comharsanacht (ar na cóngair); aicearra (an cóngar abhaile); gontacht (cainte); fearas úsáideach, áis (cóngair tí, oibre)
tabhairt chun cuimhne (cuimhním ar an lá go maith); smaoineamh (níor chuimhníomar go dtiocfá); beartú, seiftiú (ag cuimhneamh ar dhul abhaile); plean, seift (is maith an cuimhneamh é)
gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh); sroicheadh (bhí an t-uisce ag dul go glúine orm); rith (conas tá an scéal ag dul? seo mar a théann an chéad véarsa); cosaint (chuaigh sé pingin mhaith airgid); gabháil, tosú (dul a chodladh, ag léamh); a éirí le (chuaigh agam é a dhéanamh); léamh, tuiscint (is deacair dul amach ar an bhfear sin); teacht (chuaigh feabhas air); titim (ormsa a chuaigh an costas, an milleán); seasamh (is gearr le dul orainn é); teip, múchadh (tá sí ag dul as go mór; tá an lampa ag dul as; chuaigh díom é a dhéanamh); bheith dlite (bhí an méid sin ag dul dó); réiteach le (chuaigh an t-athrú bia go maith dó); imeacht as (dul faoi na gréine); luí isteach le (chuaigh sé sna saighdiúirí); athrú (ag dul i léig, in olcas; ag dul ó mhaith; dul le buile) le cosúlacht nó réiteach (lena máthair a chuaigh sí; ní théann an dá dhath le chéile; téann an deoch síos go maith leis); ceiliúradh, loiceadh (ná téigh siar ar d'fhocal; dul ar gcúl); briseadh, sárú (dul thar fóir; ní rachadh sé thar a fhocal; níl aon dul thairis); polladh (chuaigh an fuacht tríom); caitheamh (ag dul trí airgead); seans (níl aon dul aige air); leagan (dul cainte); bail (ar an dul ina raibh sé); am, ócáid (den dul seo; ar an gcéad dul síos)
casadh, teacht ar ais (filleadh abhaile, filleadh ar d'áit féin); cur ar ais (bó a fhilleadh); dúbailt éadaigh, páipéir etc.; trusáil (muinchillí a fhilleadh suas); cur thart (ar)(páipéar a fhilleadh ar rud)
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
(leis an gcopail) siúd (b'iúd leo abhaile)
ceadú, lamháil (lig dó é a dhéanamh); scaoileadh saor (lig abhaile mé); scaoileadh amach (fuil a ligean); cur ar cíos (teach a ligean); brú nó séideadh amach (anáil a ligean; fead, osna, a ligean); scóip, saoirse, cead corraí (ligean i dtéad, i roth); tógáil, glacadh (do scíth a ligean)
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
sláintiúil, folláin; sábháilte (slán abhaile); iomlán (punt slán); gan mháchail; saor (slán ar gach costas)
bealach, bóthar (ag siúl na slí; ar mo shlí abhaile) treo (tar an tslí seo); turas (is fada an tslí é); spás (níl slí san áit dóibh); modh, dóigh (slí bheatha; ar shlí, ar aon slí); eagar ceart (slí a chur ar shábh)
ceann de dhá bhall radhairc an choirp; féachaint, amharc (súil fhiata, mhillte; coinnigh súil air); coinne, dóchas (tá súil abhaile leis; ní raibh sé ag súil leis sin); rud i gcosúlacht súile (súil an lae; súil ghloine); oscailt, béal (súil droichid, súil na gaoithe)
gus, cumas (níl aon teacht abhaile ann)
teacht (téanam, téanaigí, abhaile)
coimhdeacht, comóradh (thionlaic sé abhaile í); seinm ar ghléas ceoil le cois duine atá ag amhrán
giollacht, cinnireacht, díriú; seoladh, rialú (obair a threorú; threoraigh sé abhaile é)