Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: sail · sáil · sil · siúil · síúil
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
súil bain2 ceann de dhá bhall radhairc an choirp; féachaint, amharc (súil fhiata, mhillte; coinnigh súil air); coinne, dóchas (tá súil abhaile leis; ní raibh sé ag súil leis sin); rud i gcosúlacht súile (súil an lae; súil ghloine); oscailt, béal (súil droichid, súil na gaoithe) súil ribe gaiste sreangáin chun breith ar choiníní etc.
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
réidh le baint (mar arbhar) nó le hithe (mar úll); gasta, cliste (súil aibí)
duine nó ainmhí nach bhfuil a dhathú ceart ionas go mbíonn a chraiceann, a ghruaig, a chlúmh, etc., bán agus a shúile bándearg
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
duine a choinníonn súil ar phríosúnaigh
duine nó ainmhí atá geal bán sa ghruaig nó san fhionnadh agus bándearg sna súile
maireachtáil (an Té a bhí agus atá agus a bheas go brách); focal a úsáidtear chun cáilíocht, bail nó staid a lua le duine nó rud (bhí aimsir bhreá ann; tá sé go maith; dá mbeadh am agam; conas tá sé?; ní bhíodh sé ag obair; beidh sé ag súil leat; ní raibh sé ach bliain d'aois)
gal (ghaoithe, tobac etc.); dúchan; scamall dearg ar shúil
súil atá ag bolgadh amach
láidir, garbh (caint bhorb); fiata (súil bhorb); tréan (tine bhorb); láidir le blaiseadh (bia borb); fiáin (fás borb)
sileadh as súile le linn codlata
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
do shúile a leagan ar rud, féachaint, amharc
imeall, scéimh (bruach abhann, bruach aille, bruach cathrach); cóngaracht (ar bhruach cogaidh); at (tá bruach ar mo shúil)
lí bhuí, galar a thugann dath buí ar an gcraiceann agus ar ghealacán na súl
radharc na súl a bhaint de dhuine; dalladh (chaoch an solas é); dúnadh, tachtadh (chaoch an píopa)
duine nó rud caoch; ainmhí beag faoi thalamh a bhfuil súile beaga agus fionnadh mín air
cearnóg bheag éadaigh le cuimilt den tsrón nó de na súile; brat cinn nó brád
an pháirt den aghaidh os cionn na súl
faire, cosaint (ag coimhéad an eallaigh); friotháil (do ghnó a choimhéad); súil ghéar a choinneáil ar (an cluiche a choimhéad)
socrú chun bualadh le chéile (coinne a dhéanamh le duine); súil (ní raibh aon choinne agam leat)
scannán trédhearcach ar mhogall na súile
at beag tinn ar fhabhra na súile, sleamhnán
súil, poll (cró snáthaide, cró gunna); loca, clós (cró caorach); bothán cearc, muc etc.; log (cró an chinn)
páirt, roinnt (déan trí chuid de); cion duine amháin (sin é do chuid de; mo chuid éadaigh; iníon dá chuid); ábhar (tá cuid súl inti, ní cuid iontais é); bia, beatha (do chuid a chaitheamh; ag tuilleamh a choda)
acht, coinníoll; súil, seans (tháinig mé ar chuntar go mbeifeá istigh; ní rachainn i gcuntar leis)
púicín ar na súile
gan radharc na súl; aineolach, gan eolas (táim dall ar an gcúram sin); dúr
a dhéanamh dall, radharc na súl a bhaint de; dorchú; flúirse (bhí dalladh bia ann; ag báisteach ar dalladh)
masc ar na súile; meascán mearaí
daille súl nó aigne; mearbhall aigne; bob, dallach dubh (dallamullóg a chur ar dhuine)
scáth nó púicín ar shúile; scáth ar fhuinneog; rud dall
radharc na súl a bhaint de dhuine go sealadach le solas etc.
taitneamhach don tsúil, dóighiúil, gnaíúil
súil
braon leachta; braon uisce ón tsúil le linn goil
tnúth le rud éigin agus ag súil go dtiocfaidh sé; muinín, iontaoibh (is tú mo dhóchas)
duine a bhfuil céim sa leigheas aige (dochtúir croí, súl); duine a bhfuil ardchéim ollscoile sa léann aige (dochtúir le litríocht)
súil, dóchas; muinín, iontaoibh; marc maith le rud a fháil nó a dhéanamh (dóigh agus andóigh a chuardach)
lúba de rópa, súil ribe, gaiste; cor (éisc, lín etc.); babhta (tá dol eile sneachta air); gasra, scata; suim (dol maith airgid)
súil ribe a dhéanamh; breith le dol (ar éan, ainmhí etc.)
déanamh díchill i ndiaidh ruda; iomaíocht (ag dréim, i ndréim, le duine, faoi rud); súil (níl raibh dréim agam leis; ag dréim le hardú céime)
fonn nó mian chun ruda (dúil i mbia, i dtobac); súil, dóchas (ná bíodh dúil agat leis, ná bí ag dúil leis)
bileog; duilliúr; caipín súile
silleadh súile, spléachadh; leid
amhantar nó aon rud a fhaightear agus gan súil leis; brabach, sochar; creach; saibhreas
aghaidh, an chuid den aghaidh os cionn na súl; aghaidh aon ruda, dromchla réidh; tóin (éadan bairille); ceann (éadan boird, dhá éadan an halla)
caipín súile agus an líne ribí atá air; mala
scamall scannánach (ar shúil)
aire, coimhéad (faire na hoíche); breathnú, féachaint; bheith ag súil le rud (ag faire ar bhus); bheith ar tí nó i riocht rud a dhéanamh (ag faire ar thitim); tórramh
tabhairt faoi deara, tógáil ruda isteach leis na súile (ní fhaca sé mé ach chonaic mé é); aithint, meas (fan anois go bhfeicfidh mé); labhairt le (caithfidh mé tú a fheiceáil); cuardach (tháinig sé do m'fheiceáil); dealramh (do)(chonacthas dom nach raibh)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht