SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
duine, dochtúir de ghnáth, a thugann ainéistéiseach do dhuine
cleachtadh leighis; paisteáil, caoi ainnis a chur ar rud; céim dochtúra sa léann
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
an tuairim a thagann do dhochtúir tar éis scrúdú a dhéanamh ar othar
a bhfuil foghlamtha agus tuigthe ag duine, a bhfuil ar eolas ag duine; eolas, tuiscint, nádúrtha nó osnádúrtha (bean feasa); lorg, iarraidh (fios a chur ar dhochtúir)
duine (mar dhochtúir) a ligeann fuil
cabhair do dhuine atá tinn nó gonta nó go dtagann an dochtúir
an obair a bhíonn ar siúl ag duine de ghnáth (do ghnó a dhéanamh); feidhm, cás (gnó do dhochtúir é); obair thráchtála (gnó a chur ar bun); gá, riachtanas (tá gnó agam díot; níl gnó agam leis); cúis, cúram (déanamh do ghnó de rud a bheith agat); gnáthchúrsaí (gnóthaí an tsaoil); obair, déantús, cúram (gnóthaí Dé)
airgead a thabhairt ar earraí nó ar sheirbhísí (siopadóir, dochtúir, a íoc); díol (airgead a íoc le duine); an t-airgead a íoctar; cúiteamh (in íoc ár bpeacaí); ráta, sraith, gearradh (cíos agus íoc)
polladh le lansa dochtúra (mar a dhéantar le neascóid etc.)
biseach a chur dhuine breoite; rud, scéal etc., a chur ina cheart (leigheasfaidh sé sin do chás); ealaín an dochtúra (lucht leighis); cóir feabhsaithe (leigheas ar chasacht); cúiteamh (leigheas ar dhíobháil); cumhacht leighis (tá leigheas sa rud sin, tá leigheas ag Brian); smacht, neart (tá sé crosta ach níl aon leigheas aige air)
dochtúir a dhéanann obráid ar an gcorp le déileáil le galair nó créachtaí áirithe
múineadh, teagasc; treoir nó ordú scríofa ó dhochtúir chun cógas a ullmhú, leigheas; liosta de na nithe agus de na treoracha is gá chun bia éigin a ullmhú
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
triail eolais nó ábaltachta; tástáil, iniúchadh (scrúdú dochtúra; scrúdú coinsiasa)
gléas a úsáideann dochtúir chun éisteacht le cuisle nó buille croí duine
íocaíocht as seirbhís nó as pribhléid ar leith (táille dochtúra; táillí bus, bainc); luach saothair (dá mheadh táille dó as); ráta (táille árachais)