Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cár · cláir · clárú · lár · sclár
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
clár fir1 píosa tanaí leathan adhmaid (clár dubh, clár smúdála); bord, cuntar; clúdach pota bosca, claibín; dromchla leibhéalta (clár éadain, clár droma); machaire (clár Fódla); tábla, liosta (clár ainmneacha, clár ama); léiriú raidió teilifíse clár dubh clár chun scríobh air le cailc clár éadain an pháirt den aghaidh os cionn na súl
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
substaint shnáithíneach as a ndéantar cláir éadach tinedhíonach
clár ama
ciseán pacála agus clár air; ainniseoir
clár leathan talún ar ard
árthach cruinn domhain déanta de chláir adhmaid agus fonsaí timpeall orthu, de mhiotal; tiúb mhiotail gunna
fógróir; duine a fhógraíonn cláir raidió; duine a bhíonn ag gárthach ag caoineadh os ard
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí oibre imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
aolchloch bhog bhán a úsáidtear chun scríobh ar chlár dubh; cré chailce; marc cailce, teorainn (dul thar cailc le rud)
árthach miotail chun uisce a bheiriú, a bhfuil píopa agus clár agus lámh air
clár, clúdach (claibín píopa, claibín cuinneoige)
gaireas a théann ar na cluasa chun éisteacht le cláir raidió etc.
iomlán substainteach duine ainmhí, marbh beo (idir anam agus chorp); duine marbh (corp os cionn cláir, teach an choirp); creatlach (léim as a chorp); cabhail, colainn (corp gan cheann); stoc (corp crainn, corp colúin); iomlán (is é corp na fírinne é; le corp nirt)
foilsiú fógairt don saol mór; cláir a chur amach ar an raidió, craoladh
clár fada i siopa i dteach bia le rudaí a leagan air
cluiche do bheirt a imrítear le 16 píosa (foireann fichille) an duine ar chlár 64 cearnóg dubh is bán
scéala bolscaireachta a dhéantar a thaispeántar go poiblí (fógra cruinnithe); rabhadh (fógraí bóthair); comhartha, clár póstaer a leithéid a mbeadh eolas scríofa air (fógra siopa; clár fógraí)
banda adhmaid miotail chun cláir bairille a choinneáil fáiscthe; banda miotail ar chiumhais rotha; roithleán
gruaig gearrtha díreach trasna ar chlár an éadain, glib; ciumhais scothógach ar éadach, etc.
ceann de na trasnáin ó bhalla go balla le cláir urláir lataí síleála a ghreamú orthu
duine a scríobhann do nuachtán d'iris do chlár raidió, etc. a chuireann eagar ar pháipéar ar iris
clár mór painéal le lasca a rialaíonn a ghreamaíonn sruthanna leictreachais, teileafóin etc.
craoladh cláir a thógtar ó stáisiún eile
clár fada a bhfuil taca faoina lár agus a dtig le beirt pháistí suí ar gach ceann de agus a bheith síos suas leis ar a seal
blúire de chlár tanaí ar a meascann péintéir a chuid dathanna
píosa dronuilleogach adhmaid, gloine etc., agus ciumhais air go minic (painéil dorais); grúpa daoine atá tofa go speisialta (chun gníomhú ar ghiúiré chun ceisteanna a fhreagairt i gclár raidió teilifíse)
clár teann láidir adhmaid
bád agus tóin leibhéalta uirthi; urlár clár ar snámh
liosta (earraí etc.); clár (ama etc.) ina leagtar amach na hamanna atá socair do chúrsaí áirithe; foirm agus spásanna uirthi chun mioneolas a líonadh isteach iontu
clár píosa miotail greamaithe de bhalla, i gcás i gcupard etc., le rudaí a choinneáil air
clár liosta de shraith cainteanna, léachtaí etc.; clár oibre i gcúrsa teagaisc
gléas ceoil a leagtar ar chlár, agus sreanga miotail ann a phioctar le ceol a bhaint as
ceardlann ealaíontóra grianghrafadóra; foirgneamh a ndéantar scannáin ann; seomra a gcraoltar cláir raidió teilifíse as
clár leathan adhmaid miotail ar insí ar dheireadh báid eitleáin lena stiúradh; smacht (stiúir a chur ar pháistí); claonadh, gotha, geáitse (stiúir chainte, throda; stiúir bháistí ar an ); cuma, fuadar ( stiúir nimhe air)
seastán do chlár dubh do phictiúr a mbeadh ealaíontóir ag obair air
cluiche do bheirt ina gcorraíonn siad dioscaí in aghaidh a chéile ar chearnóga ar chlár imeartha
gan a bheith ramhar tiubh (páipéar, clár, tanaí); caol (méara tanaí); lom (duine tanaí; aghaidh thanaí); gan tathag (éadach tanaí; is tanaí an scéal é); uisciúil (bainne tanaí); gan doimhneacht (uisce tanaí)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht