ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Long absent soon forgotten, seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann.
He gave it an admiring look, chaith sé súil thaitneamhach air.
Almond (-shaped) eyes, súile caola.
F: He is angling for compliments, ag súil le moladh atá sé.
I am very anxious that he should come, tá mé ag súil go crua lena theacht.
Apple of the eye, (i) meall m na súile; (ii) F: úillín óir.
I hope it will meet with your approval, tá súil agam go mbeidh tú sásta leis.
A look of blank astonishment came over his face, tháinig leathadh súl air le hiontas.
To awaken s.o. to the sense of danger, an chontúirt a chur ar a shúile do dhuine.
Bags under the eyes, sprochaillí fpl faoi na súile.
Baggy eyes, súile a bhfuil sprochaillí fúthu.
F: I didn't bargain for that, ní raibh mé ag súil leis sin.
Her eyes were bedimmed with tears, bhí a súile dallta ag deora.
F: He thinks no small beer of himself, ní fágálach ar bith é ina shúile féin.
Seeing is believing, mo dhá shúil a chonaic é; ní scéal scéil atá agam air.
To bend one's gaze on sth., na súile a dhíriú ar rud.
He succeeded beyond his hopes, d'éirigh leis ní b'fhearr ná mar a bhí súil aige leis.
F: To give s.o. a black eye, a mhala a fhágáil ar an tsúil ag duine.
F: To black s.o.'s eye, súil dhubh a fhágáil ag duine.
adv. P: He went at it blind, chuaigh sé ina cheann agus a dhá shúil druidte.
The sun is blinding me, tá an ghrian ag baint na súl asam.
He was blindfold, bhí dallóg ar a shúile.
Bloodshot eye, súil dhearg, súil shreangach, ruaimneach.
Her eyes were blurred with tears, bhí na súile leathnaithe inti de bharr goil.
He broke into tears, shil na súile air.
Bright eyes, súile lonracha, glinniúla.
Keep a bright look-out, bíodh súil le féachaint agat.
His eyes brightened, tháinig loinnir ina shúile.
Her eyes were brimming over with tears, bhí linn uisce lena súile.
It brought tears to her eyes, bhain sé deora as na súile aici.
Bulging eyes, súile pléascacha, bolgshúile fpl.
Eyes bunged up, súile druidte (de bharr gortaithe, tinnis).
To burn s.o.'s eyes out, na súile a loscadh ag duine.
He was looking, having an eye, to the main chance, bhí sé ag coinneáil súil ar a leas.
He has circles around the eyes, tá boghaisíní faoi na súile aige.
F: To clap eyes on s.o., súil a leagan ar dhuine.
To keep close watch on s.o., súil ghéar a choinneáil ar dhuine.
(Of stranger, etc.) He dropped from the clouds, tháinig sé gan fhios, agus gan aon tsúil leis.
He cocked his eye at her, chaoch sé an tsúil uirthi; chaith sé an tsúil uirthi.
To give s.o. the cold shoulder, an tsúil a dhúnadh ar dhuine.
He did not come up to her expectations, níor chruthaigh sé chomh maith agus a bhí sí ag súil leis.
We are expecting company, táimid ag súil le cuairteoirí.
He connived at the injustice, dhún sé a shúile ar an éagóir.
To give s.o. the cut direct, an tsúil a dhúnadh ar dhuine.
F: The cynosure of every eye, cuid súl cách; scáthán m gach súile.
She was dabbing her eyes with a handkerchief, bhí sí ag tabhairt smitíní beaga den chiarsúr dá súile.
He looked daggers at me, bhí bior nimhe ar a shúile ag amharc orm.
He cut a great dash, ba mhór an chuid súl é.
Defect of eyesight, máchail súl.