SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
insint arís mar a tharla (eachtra a aithris); a rá de ghlanmheabhair (dán a aithris); déanamh mar a dhéanann duine eile (dá ndéanfá aithris ar d'athair); labhairt, siúl, etc. cosúil le duine eile le greann (maith ag aithris)
áit a mbíonn drámaí agus taispeántais stáitse ar siúl
naíonán, leanbh beag óg nach bhfuil siúl aige fós
ag siúl go deacrach le cos ghortaithe nó chraplaithe; easpach (leithscéal bacach)
bata speisialta faoina ascaill ag duine bacach chun cabhrú leis siúl
buille siúil, oibre, etc., deas réidh
duine a bhíonn ag siúl an bhóthair, fear siúil, fánaí
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
fuadar, flosc (bús cainte, siúil, báistí)
an t-uisce agus an dramhaíl a bheireann camraí chun siúil leo
bata siúil; bata éadrom solúbtha, mar atá sa bhambú
dada, faic (an bhfuil aon cheo ar siúl?)
aonad ina dtomhaistear ráta siúil loinge
céim shiúil, an fad idir dhá rian coise le linn siúil
(cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa)
ar siúl, ar bun (tá rud éigin ar cois)
bealach cúng siúil do choisithe, rian; slí, bealach (as mo chosán leat)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
aghaidh, éadan (cúinse a thabhairt do rud); geáitse (bíonn mórán cúinsí ar siúl aige); leithscéal, coinníoll (ar aon chúinse; ghlac sé leis gan chúinse); cleas, beart glicis (fear cúinsí é sin)
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
bád cogaidh agus an-siúl aici; marcálaí ar scáileán ríomhaire etc.
taobh thiar de (ag siúl i mo dhiaidh); tar éis (i ndiaidh a sé a chlog); ar thóir (tá sé i ndiaidh an airgid orm)
clais nó poll chun uisce a thógáil chun siúil
déanamh draenach; uisce a thógáil chun siúil le draenacha (mar a dhéantar le talamh chun é a thriomú)
siúl i leith do dhroma nó do chliatháin
siúl ar bogshodar (ag capall etc.)
spaisteoireacht, siúl thart ar do shuaimhneas
fear fáin nó siúil; oibrí fánach; duine nó rud corr
neart, brí, spreacadh; luas, siúl
píopa ar theach nó clais ar thaobh bóthair a thógann an t-uisce chun siúil
faobhrach, biorach (scian ghéar, biorán géar); uilleach, rite (coradh géar, aill ghéar); pianmhar (buille géar); tréan (solas géar); goilliúnach (focal géar); searbh (blas géar); aibí, grinn (súil ghéar, intinn ghéar); gasta (siúl géar); díocasach (coimhlint ghéar); an-ghar do (dul géar ar an gcúinne); cleasach (ceannaí géar)
bealach nó gotha siúil; geáitse (tá a ghéataí féin aige)
duine de chine fáin a shíolraigh ar dtús ón India agus a bhíonn ag siúl rompu i gcónaí
cleasa leis an gcorp a aclú; cleasa cliste, ar nós siúl ar rópa
imeacht, siúl, bogadh ó áit go háit (gluais ort; gluaiseacht tráchta); imeachtaí eagraithe le cuspóir a bhaint amach (gluaiseacht na saoirse)
an obair a bhíonn ar siúl ag duine de ghnáth (do ghnó a dhéanamh); feidhm, cás (gnó do dhochtúir é); obair thráchtála (gnó a chur ar bun); gá, riachtanas (tá gnó agam díot; níl gnó agam leis); cúis, cúram (déanamh do ghnó de rud a bheith agat); gnáthchúrsaí (gnóthaí an tsaoil); obair, déantús, cúram (gnóthaí Dé)
mír a úsáidtear le haidiacht agus feidhm dobhriathair leo araon (tá mé go maith, siúl go socair, go huile agus go hiomlán)
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
fothrach, múchán; rian, lorg; (sa ghramadach) an aimsir den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith ar siúl san am i láthair
siúl ar na lámha agus ar na glúine ar nós páiste óg
a oiread is a líonann (lán loine, seomra, sráide); líon (lán gráin i ngunna); líonadh, taoide lán (lán mara); mórchúis, mórtas (is mór an lán atá faoi); cuid mhaith (a lán daoine; shiúil sé a lán)
faoi iomlán seoil nó siúil
tachrán; duine beag agus siúl lachan aige
fuip nó iall fuipe; cnaipe a chuireann leictreachas ar siúl