TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
cos bain2 (cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa) ► cos ar bolg leatrom, éagóir, foréigean ► cois taobh le (cois na habhann) ► le cois in éineacht le (tar le mo chois; cúpla punt le cois) ► ar cois ar siúl, ar bun (tá rud éigin ar cois)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
bóthar siúlóide cois cuain
áit thanaí in abhainn is féidir a thrasnú ar dhroim capaill nó i bhfeithicil nó de shiúl cos
ag siúl go deacrach le cos ghortaithe nó chraplaithe; easpach (leithscéal bacach)
dráma damhsa ar stáitse le ceol; damhsa ealaíonta ar bharr na gcos
rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan
titim nó truip bheag trí bharr coise a bhualadh ar rud éigin
trácht, an pháirt de chos nó de bhróg a chuirtear ar an talamh; greim coise ar an talamh (bonn a ghabháil); an pháirt is íochtaraí de rud (bonn colúin, bonn triantáin); fáinne rubair thart ar roth; rian, lorg (ainmhí)
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
ball éadaigh ón gcoim síos a bhfuil dhá osán air leis na cosa a chlúdach, treabhsar, triús
clúdach leathair do throigh na coise
bróg a chlúdaíonn rúitín na coise
bróg ard a chlúdaíonn colpa na coise
at dearg ar ordóg na coise
casta, lúbtha, cromtha, gan a bheith díreach (cosa cama, chomh cam le tuar ceatha); mícheart (chomh ceart is atá sé cam)
ainmhí mór Astrálach le heireaball fada agus a chosa deiridh chomh láidir sin go dtig leis léim mhór fhada a thabhairt (Iompraíonn an ceann baineann a rudaí óga i bpóca faoina bolg)
gan a bheith leathan nó ramhar (cosa caola); cúng (cosán caol); tanaí, géar (guth caol, fead chaol); lag, uisciúil (anraith caol)
péist talún agus an-chuid cos fúithi
an 4ú cuid de rud; an chos taobh thuas den ghlúin, leis, láirig; véarsa de dhán nó d'amhrán; lóistín saighdiúirí
bata beag; blúire beag tanaí adhmaid chun tine etc.; aon ní cosúil le cipín (cipíní cos)
duine a chónaíonn nó a oibríonn cois cladaigh
carraig nó smut de charraig; seoid (cloch uasal); aon rud cosúil le cloch (cloch phluma, cloch shilín; cloch dhuáin); aonad meáchain = 14 pt. nó 6.35 kg.; cladach (iascach cois cloiche); carraig san fharraige; magairle
dul a luí, dul chun suain; an mothú a chailleadh (tá mo chos ina codladh); fonn luí (tá codladh orm)
planda a fhásann cois locháin agus spící arda donna mar bhláthanna air
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
clúdach leathair etc. do throigh na coise
céim shiúil, an fad idir dhá rian coise le linn siúil
siúlóir; saighdiúir coise, troitheach
an chos idir an ghlúin agus an rúitín
éan beathaithe agus cosa gearra air a choinnítear uaireanta mar pheata nó chun rásaíochta, colmán
imeall na talún cois farraige
long thrádála cois cósta; fánaí
éirí nó a dhéanamh níos lú, giortú (muinchillí a chrapadh, do chosa a chrapadh; chrap sé sa níochán); seargadh (craptha le haois, le fuacht)
éan cladaigh a bhfuil gob fada caol air agus cosa fada, cuirliún
lapa éin nó cait; ordóg portáin; an chuid adharcach de chosa ainmhithe áirithe, ba, capaill, muca etc.
éan beag dathannach a mhaireann ar iasc cois locha nó srutháin
bróg éadrom a choinnítear ar an gcos le strapaí
cur i gcúb; lúbadh (bata a chúbadh); tarraingt siar nó chugat (cúb chugat do chosa)
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit)
ainmhí beag ocht gcos a dhéanann téada chun breith ar chuileanna etc.
cos agus ceann arbhair; bior, spíce
clais cois claí, trinse, draein
lámh agus í dúnta go dlúth (agus na méara fillte sa dearna); buille de dhorn; lán doirn; miosúr sé horlaí nó mar sin; lámh nó cos uirlise (dorn claímh)
dul suas rud, go minic, leis na lámha agus leis na cosa (dreapadh aille, dréimire)