Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: scair · siocair · socaire · socairt · cosair
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
socair aid ciúin, réidh, gan chorraí; ar sos, ar suaimhneas (farraige, aimsir, shocair; fan (go) socair); socraithe (bhí socair agam dul ann); réidh, críochnaithe ( an duine bocht socair)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
gan a bheith socair compordach; deacair
(le farraige) ciúin socair
meáchan i mbád lena coinneáil socair san uisce
gan torann; socair, suaimhneach
gan a bheith daingean socair; lag, guagach, baoth
gan a bheith cinnte, neamhchinnte; gan a bheith socair, doiléir
a mhaireann i bhfad; sochma, réidh, socair
cur fút (in áit); gan corraí (as áit); gan bogadh (go dtarlaíonn rud éigin go n-ordaítear a mhalairt); cónaí ( ag fanacht ar an mbaile seo); gan athrú aistriú (fan socair; fan fút); foighneamh (fan nóiméad, fan leis is tiocfaidh ); coinneáil ó (fanacht ón scoil, fanacht amach uaidh)
dea-bhunaithe; socair, staidéarach, ciallmhar
mír a úsáidtear le haidiacht agus feidhm dobhriathair leo araon ( go maith, siúl go socair, go huile agus go hiomlán)
in ord, socair, réidh; néata, galánta, dea-ghléasta; oilte, áiseach
meá déanta air; socair, beartaithe (bhí meáite ar dhul ann)
staidéarach; seasta, socair, suaimhneach
mín, leibhéalta (áit, talamh réidh); socair, bog (siúl go réidh; tóg go réidh é); réchúiseach (is réidh a tháinig an bhréag leis); ullamh ( an dinnéar réidh; an bhfuil réidh fós?); críochnaithe (abair é is réidh leis)
liosta (earraí etc.); clár (ama etc.) ina leagtar amach na hamanna atá socair do chúrsaí áirithe; foirm agus spásanna uirthi chun mioneolas a líonadh isteach iontu
socair, suaimhneach
ciúnú, lagú anuas (nuair a shocraigh an stoirm); suaimhniú (ag socrú chun suain); luí, lonnú (shocraigh síos anseo; lig don bhia socrú ar do ghoile); deasú, a dhéanamh socair (socraigh cosa an bhoird); réiteach, cinneadh (teacht ar shocrú; a shocrú); críochnú (shocraigh an buille sin é); deisiú; plean, seift (socruithe sochraide)
dán ceithre líne dhéag agus na rímeanna ann socair de réir rialacha áirithe
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht