SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ón aird thiar; ón taobh thiar (tar aniar ó mo chúl); ó bheith sínte siar (d'éirigh sé aniar sa leaba); chugat féin (tá teacht aniar ionat)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
caint faoi dhuine taobh thiar dá chúl
an taobh thiar; áit iargúlta
taobh thiar de (ag siúl i mo dhiaidh); tar éis (i ndiaidh a sé a chlog); ar thóir (tá sé i ndiaidh an airgid orm)
an taobh thiar den chorp; cúl ruda (droim láimhe, coise; droim cathaoireach); barr nó mullach (droim na cruinne, droim bóthair, droim sléibhe); tonn
an chuid d'ainmhí, d'eitleán etc., a ghobann uaidh siar; an taobh thiar de dhuine nó de rud (ná bí crochta as m'eireaball; líon eireabaill); íochtar (eireaball cóta, léine)
gléas análaithe éisc, cosúil le hoscailt taobh thiar dá cheann
log sa chos taobh thiar den ghlúin; blúire nó gráinne beag (ioscaid tobac, tae); iarracht bheag (ioscaid ghaoil)
gluaiseacht taobh thiar (lean an carr sin); tóraíocht (lean na madraí é); comhlíonadh (riail, nós a leanúint); roinnt le (leanann contúirt é sin); bheith cosúil le (níor lean sé a athair); cloí, tacú, le (lucht leanúna); coinneáil ar aghaidh le (lean ar do scéal, lean sé dá chúrsa; lean leat, ort)
eitleán gan liáin faoi chumhacht scairdinnill a thiomáintear le tolg aeir théite a fhórsáiltear tri phíobáin taobh thiar (Tugtar scairdtiomáint air seo)
paiste leathdhorcha; cruth ruda ar an talamh, ar bhalla etc., mar a chaitheann solas ón taobh thiar de; scailp, clúdach (ar scáth na gréine; cuir scáth folaigh ort); foscadh, fothain (ar scáth an Tiarna; dul ar scáth talún; scáth fearthainne); íomhá, scáil (scáth i scáthán); taibhse; eagla, faitíos (gan scáth gan eagla); náire, támáilteacht
an treo a dtéann an ghrian faoi; taobh an chúil nó an droma de rud (tá sé taobh thiar díom); ag an deireadh (i ndeireadh a shaoil thiar; tráthnóna thiar); i bhfad siar (thiar sa seanreacht); cúl (tá thiar orm le mo chuid oibre)