TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
tine bain4 solas agus teas ó rud atá ag dó; dóiteán (tá an teach trí thine); lasair; splanc; lasadh, gríos (tá tine ar a chraiceann) lámhach (tine airtléire) ► tine chnámh tine mhór amuigh faoin aer ► tine chreasa spréacha a bhaineann rud crua as cloch ► tine dhia galar a thagann ina spotaí lasta ar an gcraiceann ► tine ghealáin solas méarnála; splanc, tintreach
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár