TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
trioblóid bain2 buairt, dua; crá, brón faoi bhás duine ► trioblóideach aid1
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
buairt nó trioblóid aigne, aithreachas
saothar, stró; cointinn, trioblóid
tréithe duine chiotaigh; constaic, trioblóid (ciotaí a dhéanamh do dhuine)
comhbhrón, mothú bá nó trua do dhuine i dtrioblóid; dlúthchairdeas, muintearas
tuisceanach; cúramach gan aon ní a rá a tharraingeodh trioblóid; rúnmhar
obair, saothar; deacracht, trioblóid, strus
dua, saothar, trioblóid; míshástacht
gruaim, ísle brí; brón, trioblóid; anró, cruatan
gan dua gan trioblóid, éasca (le déanamh nó le tuiscint)
buairt, trioblóid aigne, eagla faoi céard a tharlódh; díocas, díograis (tá imní oibre air)
marc nó rian ruda (lorg coise, lorg an óil; lorg ainmhí a leanúint); iarraidh, éileamh (ní mór an lorg atá air; lorg sé orm é); sliocht (duine gan lorg); cuardach, tóraíocht (ag lorg oibre, trioblóide; ag lorg sna coillte; gadhar loirg)
mí-ádh; cúis trioblóide (tá an mífhortún ar na páistí sin)
seanrá, leagan cainte, rá coitianta (tá sé sin ina nath againn); sonrú (ná cuir aon nath ann); dua, trioblóid (ní haon nath aige é)
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint (tá trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid (tá roinnt mhaith airgid aige); beagán (tá sé roinnt cosúil leat)
éasca, gan dua gan trioblóid
dua, trioblóid (strus oibre, reatha); stró, straidhn (strus a chur ar bhíoma); saibhreas, maoin shaolta