SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
caint, urlabhra (chuir sé canúint orm); modh cainte a bhaineann le ceantar nó le haicme ar leith (canúint Chonamara); tuin, modh foghraíochta (canúint ghalánta ar a chaint)
cuma chríochnúil, slacht, gléas (snas a chur ar obair, ar do bhróga); niamh, imir (tá snas an óir air); blas, tuin (tá snas an Bhéarla air); caonach (liath), screamh, smál