Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: gibe · gige · gile · gine · given
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for give »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
give1, s. Tabhairt f, géilleadh m, dus m (adhmaid, etc.).
give2, I v.tr. Tugaim(fut., tabharfad; v.n. tabhairt). 1 a To give sth. to s.o., to give s.o. sth., rud a thabhairt do dhuine. It was given to me, tugadh dom (mar bhronntanas) é, bronnadh orm é. To give alms, déirc a thabhairt. Given a leader they will act, ach ceann a bheith orthu déanfaidh siad rud éigin. God give me courage! go dtuga Dia misneach dom! It is not given to all to be rich, ní dlitear do chách a bheith saibhir. F: Give me the good old days! beannacht Dé leis an seansaol. b To give and take, ligean chugat is uait. They knew how to give and take, bhí ciall ranna acu. 2 a To give s.o. sth. to eat, to drink, rud a thabhairt le n-ithe, le n-ól, do dhuine. To give a child a name, ainm a thabhairt ar pháiste. To give s.o. six months' imprisonment, sé mhí príosúin a ghearradh ar dhuine. To give s.o. a job, (i) post a thabhairt do dhuine; (ii) rud a thabhairt le déanamh do dhuine. F: It will give me all I can do to finish it, cuirfidh sé go dtí m'aonbheart mé é a chríochnú. b To give sth. into s.o.'s hands, rud a thabhairt isteach ina lámha do dhuine. c Give my compliments to the minister, beir mo dhea-mhéin chuig an aire. Give him my love, beir mo bheannacht chuige. d Cuirim (m'fhocal, etc.) i ngeall. I give my word, tugaim m'fhocal(that, ar). 3 To give a good price for sth., praghas maith a thabhairt, a íoc, ar rud. What did you give for it? cé mhéad a thugais air? 4 He gave his life to God, thug sé, thoirbhir sé, thíolaic sé, a bheatha do Dhia. He gave his mind, himself, to learning, dhírigh sé, chrom sé, a intinn go léir ar an léann; chaith sé a shaol go léir leis an léann. 5 To give a jump, léim a thabhairt, a chaitheamh, a ghearradh. To give a laugh, gáire a dhéanamh. To give a sigh, liach a ligean; osna a tharraingt. To give s.o. a blow, buille a bhualadh ar dhuine, a thabhairt do dhuine. To give s.o. a smile, miongháire a dhéanamh le duine. He gave a queer look, tháinig féachaint aisteach ina dhá shúil. To give orders, (i) orduithe a thabhairt; (ii) (at shop) earraí a ordú. 6 a He gave me his hand, chuir sé a lámh i mo láimh; shín sé a lámh chugam. b To give one's attention to s.o., aird a thabhairt ar dhuine. I will give the matter every care, tabharfad togha na haire don ghnó. 7 a To give particulars, miontuairisc a thabhairt. To give a decision, breith a thabhairt. F: I'll give you best, géillim duit; fágaim an fear is fearr agat. b He gave no sign(s) of life, ní raibh dé ann, cor as. To give an average of ten, a deich a thabhairt mar mheán (uimhir). c To give examples, samplaí a lua. Given any two points, nuair is eol aon dá phointe. d To give a song, amhrán a ghabháil. To give a story, scéal a aithris. To give a speech, óráid a dhéanamh. e To give a toast, sláinte a ghlaoch, a thabhairt. I give you the lady, ólaimis sláinte na mná uaisle. 8 a Motion given by the handle, gluaiseacht a chuireann an lámh ar siúl. b To give pain, (duine) a ghortú; pian a chur ar (dhuine). To give pleasure, pléisiúr a thabhairt (do dhuine). To give yourself trouble, dua a chur ort féin. c To give s.o. to understand sth., rud a thabhairt le tuiscint do dhuine. d Tugann (mar thoradh). Investment that gives 10%, fuilleamh a thugann 10%. 9 a P: To give it (to) s.o., (i) scalladh teanga a thabhairt do dhuine; (ii) é a thabhairt ó thalamh do dhuine. I gave him what for! d'fhágas tochas sa chluais aige! chíoras go maith é! b F: He gave her as good as he got, thug sé cor in aghaidh an chaim di; thug sé slat dá tomhas féin di. 10 a To give way (Also abs. to give) Tugann (uaidh), géilleann. The ladder gave, thug an dréimire; thug an dréimire uaidh. The ground gave way under our feet, d'imigh an talamh ónár gcosa; d'oscail an talamh faoinár gcosa. I felt my legs give (way) beneath me, bhraitheas na cosa ag lúbadh fúm. b Cúlaím, téim ar gcúl. He gave way to the enemy, ghéill sé don namhaid. He gave way to despair, thug sé é féin suas don éadóchas; lig sé é féin in éadóchas. He gave way to the temptation, ghéill sé don chathú. He gave way to his emotions, lig sé leis féin; bhris (an gol, etc.) air. c To give way (to s.o.), géilleadh (do dhuine). d Fin: Com: (Of prices, shares) Tugann uathu. II v.i. 1 a (Of elastic, etc.) Tugann, géilleann. The rope has given a good deal, tá an téad ligthe mórán, b (Of colour) Tréigeann. c (Of frost) Briseann, bogann; (of weather) maolaíonn, bogann. 2 The window gives upon the garden, tá an fhuinneog ar dheisiúr an ghairdín. The door gives into the street, tá an doras ag oscailt amach ar an tsráid.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Door that gives access to a room, doras isteach chun seomra.
To give account of sth., údar m, fáth m, a chur le rud.
F: He gave quite a good account of himself, rinne sé gnóthaí maithe; chruthaigh sé go maith.
To give an account of sth., cuntas a thabhairt ar rud.
To give an account of the position of affairs, léiriú a dhéanamh ar na gnóthaí.
He gave an account of himself, (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht.
He gave the actual dates, thug sé na dátaí féin.
He gave it an admiring look, chaith sé súil thaitneamhach air.
To give s.o. admittance, cead isteach a thabhairt do dhuine; duine a ligean isteach.
He gave me good, bad, advice, thug sé comhairle mo leasa, m'aimhleasa, dom.
To send, give, sth. back again, rud a chur, a thabhairt, ar ais.
He gives himself, puts on, airs, bíonn éirí in airde ag cur as dó.
To give the alarm to s.o., rabhadh m a thabhairt do dhuine.
To give alms to s.o., déirc a thabhairt do dhuine; déirc a dhéanamh ar dhuine.
To give an answer to s.o. about sth., freagra a thabhairt ar dhuine faoi rud.
He gave them a shilling apiece, thug sé scilling an duine dóibh.
To give up the attempt, éirí as an iarracht.
He was giving his attention to the work, bhí sé in éadan na hoibre, bhí a intinn leagtha ar an obair aige.
To pay attention to s.o., to give one's attention to s.o., aird a thabhairt ar dhuine.
They gave him every attention, chuir siad gach cóir air.
To give s.o. authority to do sth., údarás a thabhairt do dhuine le rud a dhéanamh.
He gave a backward glance, bhreathnaigh sé i ndiaidh a chúil.
He badgered me into giving it to him, bhí sé ag gabháil dom gur thug mé dó é.
The dog gave a bark, lig an madra sceamh as.
To give a child a bath, páiste a fholcadh.
To give battle, dul i gcath, cath a fhreastal.
To give s.o. the beans, (i) tochas a chluaise a thabhairt do dhuine; (ii) ciolar chiot a dhéanamh de dhuine.
To give bed and board to s.o., a bhia agus a leaba a thabhairt do dhuine.
F: To give s.o. a good belting, greasáil a thabhairt do dhuine.
To give a ship a wide berth, a sá fairsinge a fhágáil ag long.
To give s.o. a wide berth, duine a sheachaint.
To give s.o. the bird, (i) an bóthar a thabhairt do dhuine; (ii) Th: etc. feadaíl f, siosarnach f, a dhéanamh le duine; feadaíl i dtóin (aisteoirí).
She gave premature birth to a child, scar sí le duine clainne.
F: To give birth to a poem, dán a chumadh.
F: To give s.o. a black eye, a mhala a fhágáil ar an tsúil ag duine.
The priest gave the blessing to the congregation, thug an sagart an bheannacht don phobal.
To give s.o. the (order of the) boot, bata agus bóthar a thabhairt do dhuine.
To give a child the breast, cíoch a thabhairt do leanbh.
Give the horse a breather, tabhair a hanáil don chapall.
To give a horse the bridle, a ceann a thabhairt do chapall.
Give your French a brush-up, bain an mheirg de do chuid Fraincise.
To give a person a call, glaoch, scairteadh, ar duine.
I'll give you a call, labhróidh mé leat, glaofaidh mé ort, ar an nguthán.
He gave a casual answer, d'fhreagair sé ar nós chuma liom.
To give s.o. a chance, (i) triail a bhaint as duine; (ii) F: seans a thabhairt do dhuine.
To give (s.o.) change for £5, cúig phunt a shóinseáil, a bhriseadh (do dhuine).
To give chapter and verse, údarás beacht a thabhairt (le ráiteas, etc.).
F: To give s.o. a good character, dea-cháil a thabhairt ar dhuine.
To give s.o. charge of, over, sth., urlámh f a thabhairt do dhuine ar rud.
To give s.o. in charge, duine a thabhairt suas do na gardaí.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News