Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: and · bland · gland · lad · landó
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for land »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
land1, s. 1 a (Opposed to sea) Tír f; talamh m(f. in g. na talún). Dry land, talamh tirim. To travel by land, taisteal ar thalamh. By land and sea, on land and at sea, ar muir agus ar tír. To see how the land lies, (i) F: an scéal a bhrath; (ii) Nau: an cósta a bhreithniú; marcanna a thógáil ar an gcósta. To make, sight, land, teacht ar amharc talún. To touch land, talamh a bhualadh. b (Soil) Talamh, ithir f -each, fód m. Back to the land! fillimis chun na tuaithe! Waste land, talamh bán, fásach m. The land question, ceist na talún. The Land League, Conradh na Talún. 2 Tír f, críoch f, fonn m. Distant lands, tíortha i gcéin. The Holy Land, an Tír Bheannaithe. The Land of Promise, Tír Tairngre. Myth: The Land of Youth, Tír na nÓg. F: Theatreland, ceantar na n-amharclann. 3 Talamh m, eastát m, fearann m. 4 Eang f, leibhéal m, leithead m (talún) (idir dhá dhíg, etc.).
land2 . 1 v.tr. a Tugaim (duine, rud) chun talún; cuirim (duine, rud) i dtír; triomaím (bád). To land an aeroplane, eitleán a thabhairt chun talún. b To land a fish, breac a thabhairt ar an bport. F: To land a prize, duais a bhaint amach. c F: That will land you in prison, an príosún a bheidh agat dá bharr sin. You have landed us in a nice fix, táimid sáinnithe ceart anois agat. I was landed with a book I did not want, buaileadh leabhar orm nár theastaigh uaim in aon chor. d F: To land s.o. a blow in the face, buille san aghaidh a bhualadh ar dhuine. 2 v.i. a (Of pers.) Tuirlingím (ar thalamh); téim, tagaim, i dtír; (of bird) luíonn; (of boat) triomaíonn, gabhann port. Av: To ‘land’ on the sea, tuirlingt ar muir, b Titim (go talamh). c (After jumping) Tagaim anuas (ar an talamh). To land on one's feet, teacht anuas ar na cosa. He landed on his feet that day, bhí a chuid aráin fuinte, a chóta bán déanta, ón lá sin amach.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The land adjoining mine, an talamh atá sínte le mo chuidse.
To sail along the land, seoladh le taobh an chladaigh; coinneáil leis an gcladach.
Arable land, talamh curaíochta, talamh beatha.
To assign land to s.o., talamh a chur in ainm duine.
Land full of historic associations, dúiche lán de chuimhní na staire.
How does the land bear? cén taobh a bhfuil an talamh?
v.i. Nau: To bear off from the land, luí amach, coinneáil amach, ón talamh.
Belt of land, stráice m talún.
Bottom lands, tailte ísle; tailte méithe.
Land breeze, gaoth tíre.
By land and sea, ar muir is ar tír.
Clean land, talamh glan.
Nau: To stand close in (to the land), fanacht le talamh.
They hold the land in common, tá an talamh i gcomhar, i bpáirt, acu.
Crown lands, tailte corónach.
To bring land into cultivation, talamh a shaothrú.
They were disputing (the possession of) the land, bhí siad in aighneas le chéile faoin talamh.
Drowned lands, tailte sceite, báite.
Dry land, an talamh tirim.
The sea is encroaching upon the land, tá an fharraige ag briseadh isteach ar an talamh, ag creimeadh na talún roimpi.
Exhausted land, talamh spíonta.
Fallow land, fearann branair.
The land of fancy, Tír na nÓg.
To live on the fat of the land, an chuid is fearr de gach rud a bheith agat,
Av: Landing flare, tóirse m tuirlingthe.
The flight from the land, tréigean m na tuaithe.
Lit: Land flowing with milk and honey, tír ina mbeadh mil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda.
Land and sea forces, fórsaí talún agus mara.
The sea is gaining (ground) on the land, tá an fharraige ag cúngú ar an talamh, ag creimeadh na talún.
Landed gentry, oidhrí mpl dúiche.
He went back to his native land, d'fhill sé ar a thír dhúchais.
To put land under grass, síol féir a chur i dtalamh; talamh a ligean chun féir, chun báin.
Land that will grow wheat, talamh a thabharfaidh cruithneacht.
The landed interest, na tiarnaí talún.
Landed property, fearann m dílis; gabháltas m fearainn.
Landed proprietor, sealbhóir m talún.
Landing force, fórsa m dul i dtír.
Forced landing, tuirlingt éigne.
Landing light, solas tuirlingthe.
The law of the land, reacht m na tíre.
Lay of the land, suíomh m, luí m, na talún.
To take land on lease, talamh a thógáil ar léas.
Lie of the land, luí na talún.
He is still in the land of the living, tá sé beo fós.
To look over the land, an talamh a shiúl.
Land-lubber, aineolaí m mara.
The land of make-believe, tír na samhlaíochta.
No man's land, (i) talamh m aineoil; (ii) Mil: talamh m eadrána.
Land of milk and honey, tír faoi mhil agus faoi bhláth.
To grant s.o. land in mortmain, talamh a mharú do dhuine.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News