Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ear · nea- · neart · aer · cearn
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for near »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
near1 . I adv. 1 a Cóngarach, i ngar, i ndeas. To come near, draw near, teacht i ngar, i ngaobhar(to, do). He drew nearer to us, tháinig sé ní ba deise dúinn; dhruid sé inár gcóngar. Near at hand, in aice láithreach, sa chóngar. Keep near to me, fan de mo chóir, in aice liom. Near by, (i) adv. in aice láithreach; (ii) prep. in aice le, in aice (ruda), b They are near of kin, tá siad i ndeas, gar i ngaol, dá chéile. Those near and dear to him, a mhuintir mhuirneach féin; iad sin is neasa dhó. 2 a As near as I can remember, chomh maith agus is cuimhin liom. I came near to crying, bhí mé i riocht caointe. Near upon thirty men, i ndeas do dheich, suas le deich, bhfir fhichead. b He is not near, nowhere near, so strong as you, níl aon ghoir aige a bheith chomh láidir leatsa. II   near, prep. 1 Cóngarach do, fogas do, i ngar do; in aice le; i gcóngar, in aice (ruda). Near the town, in aice an bhaile. The houses near the mountains, na tithe atá i gcóngar na gcnoc. Bring your chair near(er) to the fíre, tarraing do chathaoir in aice na tine. 2 Near death, i mbéal báis. To be near the end, bheith ag tarraingt ar an deireadh. He came near being drowned, is beag, dóbair, nár bádh é. 3 To be, to come, near s.o., dul i gcosúlacht le duine; bheith cosúil le duine. Nobody can come anywhere near her, níl goir ná gaobhar ag aon duine uirthi. III   near, a. 1 (Of relative) Gaolmhar, gar i ngaol; (of friend) dílis, dlúth. Our near relations, ár ngarghaolta. 2 The near side, an taobh abhus. The near horse, an capall clé. Near rein, an srian clé. 3 The nearest inn, an teach ósta is cóngaraí. The hour is near, tá an uair i ndeas dúinn (duit, etc.), buailte linn (leat, etc). To the nearest place (of decimals), go dtí an deachúil is gaire. To the nearest penny, faoi phingin de. 4 To go by the nearest road, dul an t-aicearra, an cóngar. 5 Near translation, aistriú cruinn, dlúth. Near resemblance, cosúlacht mhór. It was a near guess (on your pan), thomhais tú sách géar é; chuais gar go maith dó. It was a near thing, thug muid (sibh, etc.) na cosa linn ar éigean. 6 (Of pers.) Ceachartha, cruinn, sprionlaithe.   nearly, adv. 1 We are nearly related, táimid deas, gar, i ngaol dá chéile. Nat.Hist: Nearly allied species, gnéithe atá an-ghaolmhar. 2 a Chóir a bheith; beagnach; geall leis dó; nach mór. It is nearly midnight, is beag nach bhfuil sé ina mheán oíche. Nearly the whole of my money, mo chuid airgid ar fad beagnach; bunáite mo chuid airgid. It is the same thing or nearly so, is ionann agus gurb é an rud céanna é. Is he dead? -- Pretty nearly, an bhfuil sé marbh? -- Níl, ach is beag nach bhfuil. He very nearly fell, ba ródhóbair dó titim. I nearly caught him, is beag nár rug mé air. I nearly fell, dóbair dom titim; is beag nár thiteas. b She is not nearly so old as you, níl sí baol ar chomh sean leatsa.
near2, v.tr. Tagaim i ngar do; druidim le. The work is nearing completion, tá an obair i ndáil le bheith críochnaithe, i mbéal a críochnaithe. We are nearing the goal, táimid ag tarraingt ar cheann scríbe.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The nearest approach to it, an rud is cóngaraí dó; an rud is cosúla leis.
(Kindred) They are near in blood, tá siad gairid i ngaol.
Near completion, ar shéala a bheith réidh.
To draw near to s.o., druidim le duine.
In the near future, gan rómhoill.
That was a near go! dóbair dúinn (dóibh, etc.)!
To be (near) at hand, bheith in aice láimhe, in aice láithreach, lámh liom (leat, etc.).
Near here, cóngarach don áit seo.
Near home, de chóir baile.
We should take an example nearer home, ba chóir dúinn sampla a bhainfeadh lenar saol féin a thoghadh.
When the question comes nearer home to him he will think differently, nuair a bheas an crú ar an gcois aige féin beidh a mhalairt de thuairim aige.
That's getting rather near the knuckle, tá sin ag gabháil rud beag thar cailc, i ngaireacht don chnámh.
To be near one's last, bheith ag druidim leis an éag.
I like her to be near me, is maith liom in aice liom í.
She is a near neighbour of ours, comharsa bhéal dorais dúinn í.
It is nothing near so large as. . ., is fada uaidh bheith chomh mór le . . .; níl sé in aon chor chomh mór le. . .
He is nowhere near as tall as you, níl sé baol ar chomh hard leat; níl sé in aon ghiorracht dá bheith chomh hard leat.
Pull your chair near the fire, teann do chathaoir leis an tine.
Near relation, gaol gairid.
Somewhere near us, in áit éigin in aice linn.
He took his stand near the door, bhunaigh sé é féin in aice an dorais,
A woman who is near her time, bean atá gar dá haimsir, dá hionú.
F: It was a near touch, dóbair dhúinn (dóibh, etc.).
The enemy were uncomfortably near, b'ábhar imní a chóngaraí a bhí an namhaid.
I should like to get a nearer view of it, ba mhaith liom amharc de dheas dom a fháil air.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News