EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
sleep1, s. 1 Codladh m, suan m. Short sleep, néal m, dreas f, snap m, codlata. Sound sleep, codladh trom, sámh. Disturbed sleep, codladh corrach. Winter sleep, suan m geimhridh. To go to sleep, dul a chodladh. He has gone to sleep, tá sé ina chodladh. To put a child to sleep, leanbh a chur a chodladh. To put s.o.'s suspicions to sleep, amhras duine a chur chun suaimhnis. I lose sleep over it, tá sé do mo chur ó chodladh na hoíche. To come out of one's sleep, múscailt f, dúiseacht f. To rouse s.o. from his sleep, duine a mhúscailt as a chodladh. I had a good sleep, chodail mé spuaic mhaith. I didn't have a wink of sleep all night, níor chodail mé aon néal i rith na hoíche. He talks in his sleep, bíonn sé ag caint trína chodladh. 2 My foot has gone to sleep, tá codladh gliúragáin, grifín, i mo chois.
sleep2, v.i. & tr. 1 Codlaím. a To sleep like a log, like a top, codladh mar a bheadh rón ann. He was sleeping like a log, bhí sé ina chnap sámh. To sleep soundly, codladh go sámh. I have not slept a wink all night, níor chodail mé aon néal i rith na hoíche. To sleep over, upon, a question, rud a chur go hathló. b To sleep the sleep of the just, codladh gan bhuaireamh. 2 Caithim an oíche. To sleep at a hotel, an oíche a chaitheamh, a thabhairt, i dteach aíochta. 3 To sleep in the churchyard, bheith faoin bhfód. 4 (Of top) Codlaíonn.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To arouse s.o. from his sleep, duine a mhúscailt as a chodladh.
The Sleeping Beauty, Ainnir an tSuain Fhada.
He composed himself to sleep, shín sé thairis chun codlata.
I am dying with sleep, táim marbh leis an gcodladh.
To dispose oneself to sleep, socrú síos chun codlata.
F: He dropped off to sleep, thit sé ina chodladh.
To sleep fast, codladh go sámh.
A fitful sleep, codladh corrach.
To get some sleep, néal a chodladh.
To get off to sleep, dul a chodladh.
To sleep on the (bare) ground, codladh ar chlár na talún.
Heavy sleep, codladh trom.
Heavy with sleep, marbh leis an gcodladh.
To induce sleep, codladh a chur (ar dhuine).
It is an inducement to sleep, chuirfeadh sé fonn codlata ar dhuine.
The sleep of the just, codladh na bhfíréan.
To keep s.o. from sleeping, duine a chur, a choinneáil, ó chodladh.
Sleep less, codail níos lú; déan níos lú codlata.
To sleep light, codladh an ghiorria a dhéanamh; codladh go héadrom.
He went off (to sleep), thit sé ina chodladh.
To sleep in the open air, codladh amuigh.
To have one's sleep out, codladh go headra.
To sleep outdoors, codladh amuigh.
Sleeping partner, úspháirtí. (b)
To put s.o. to sleep, duine a chur a chodladh.
He had a quiet sleep, chodail sé go sámh.
To read s.o. to sleep, duine a chealgadh chun suain le léitheoireacht.
Refreshing sleep, suan suaimhneach.
To resign oneself to sleep, tú féin a ligean chun suain.
He was restless in his sleep, is corrach a chodail sé.
To rouse s.o. (from sleep), duine a mhúscailt, a dhúiseacht.
F: To rouse the sleeping lion, an madra mire a mhúscailt.
To sing s.o. to sleep, duine a chealgadh a chodladh le suantraí.
Let sleeping dogs lie, ná hoscail doras na hiaróige.
Com: Sleeping partner, úspháirtí m.
Sleeping accommodation, áit f luite, codlata; seomraí mpl codlata.
Snatch of sleep, néal m codlata.
To sleep for nine solid hours, codladh naoi n-uaire as a chéile.
Sound sleep, codladh sámh.
To sleep soundly, codladh go sámh, go trom.
To sleep sound, codladh go trom, go sámh.
He started out of his sleep, chlis sé as a chodladh.
To startle s.o. out of his sleep, duine a chliseadh as a chodladh.
He can't sleep for thinking about it, tá sé ó chodladh na hoíche aige.
He was tossing in his sleep, bhí sé ag corraí trína chodladh.
Uneasy sleep, codladh corrach.
Waking or sleeping, that thought never left her, bhí an smaoineamh sin ina ceann d'oíche is de lá.
Between sleeping and waking, idir codladh agus dúiseacht.
He walks in his sleep, bíonn sé ag siúl ina chodladh.
He wept himself to sleep, bhí sé ag gol gur thit a chodladh air.