Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: backtrack · pick-a-back
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To send, give, sth. back again, rud a chur, a thabhairt, ar ais.
To ask s.o. back, athchuireadh a thabhairt do dhuine.
I have no clothes, I haven't a rag, to my back, níl snáithe agam le cur orm féin.
To be at the back of a person, (i) a bheith ar chúl duine; (ii) a bheith mar chúl taca ag duine.
He had his back to me, bhí a chúl liom.
I'll be glad to see his back, beidh áthas orm nuair a fheicfeas mé ag imeacht é.
To make a back (at leapfrog), cromadh síos.
Back to back, le cúl a chéile.
Back to front, droim ar ais, an taobh thiar aniar.
With his back to the wall, (i) agus a dhroim le balla aige; (ii) agus é i sáinn, i dteannta.
(Of ship) To break her back, í a bhriseadh ina dhá leath.
To hit back, buille ar an mbuille a thabhairt.
To pay the money back, an t-airgead a aisíoc.
To call a person back, glaoch ar ais ar dhuine.
To come back, teacht ar ais.
To Dublin and back, go Baile Átha Cliath agus ar ais.
To back (up) s.o., sth., seasamh le duine, le rud; tacaíocht a thabhairt do dhuine, do rud.
To back a horse, geall m a chur ar chapall.
Com: To back s.o., tacaíocht airgid a thabhairt do dhuine.
To back a bill, dul i mbannaí ar bhille.
Nau: To back the oars, to back water, (i) an bád a chúlú; (ii) (to stop way) siúl a bhaint den bhád.
Backed on to sth., greamaithe do chúl ruda.
To take a back-seat, suí thiar ar gcúl.
He had to take a back seat, baineadh a chinseal de, cuireadh i leataobh é.
To beat back the flames, na lasracha a chosc.
This brings me back to my childhood, cuireann seo laethanta m'óige i gcuimhne dhom.
It carried me back to the days of my youth, thug sé m'óige ar ais chugam.
To clap s.o. on the back, bos a thabhairt sa slinneán do dhuine.
It's all coming back to me, tá sé ag teacht ar ais chun mo chuimhne arís.
To come back to what I was saying, mar a bhí mé ag rá.
I am too deeply committed to draw back, tá mé chomh domhain anois ann agus nach bhféadfaidh mé éirí as.
Church dating from, dating back to, the XIIIth century, eaglais atá ann ón XIIIú haois.
You must come back to earth, caithfidh tú an taibhreamh a chur uait.
To echo back a shout, an gháir a fhreagairt.
To endorse back a bill to drawer, 'ar ais chun an tarraingteora' a scríobh ar bhille.
To fall back on substitutes, bheith taobh le, i muinín, ionadaithe.
Sum put by to fall back upon, suim a cuireadh i dtaisce le haghaidh lá na coise tinne.
To fall back on lies, dul i muinín na mbréag.
Rac: To back the favourite, geall a chur ar rogha na coitiantachta.
To fling back defiance at s.o., duine a fhreagairt go dúshlánach.
To fold down, back, the blankets, na blaincéid a fhilleadh, a iompú, ar ais.
For you to back out now would be a disgrace, ba mhór an náire é, tú a éirí as anois.
To gallop back, filleadh ar cosa in airde.
To get back home, filleadh abhaile; an baile a bhaint amach arís.
To glance back the rays of light, scáil a thabhairt ó ghathanna an tsolais; na gathanna solais a fhrithchaitheamh.
He went back to his native land, d'fhill sé ar a thír dhúchais.
To go back two paces, dul dhá chéim ar gcúl.
To go back on a subject, dul i gceann ábhair arís.
To go back to turf, dul i muinín na móna arís.
To go back to the old ways, filleadh ar an dúchas.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News