PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Of tree, etc.) The tree is in full bearing, tá an crann i mbláth a thoraidh.
She was at her best at thirty, i gceann a deich mbliana fichead bhí sí i mbláth a háilleachta.
It burst into bloom, tháinig bláth air.
In full bloom, faoi bhláth.
F: In the bloom of youth, i mbláth na hóige.
Tree in blossom, crann faoi bhláth.
The tree blossomed, tháinig bláth ar an gcrann.
(Of flower) To burst into bloom, teacht i mbláth.
Slope carpeted with flowers, fánán faoi bhrat bláthanna.
What cheer? cén bláth atá ort?
He was cut off in his prime, cailleadh é i mbláth a mhaitheasa.
Their beauty is ephemeral, is luath a chailleann siad a mbláth.
To be (bodily) fit, (i) Med: bheith i mbláth na sláinte; (ii) Sp: bheith inlúith.
Bunch of flowers, dornán m bláthanna.
Flower show, taispeántas bláthanna.
F: To be in the flower of one's youth, bheith i mbláth na hóige.
Flowering plant, planda bláthanna.
He is in the full flush of health, tá sé i mbláth na sláinte.
Fresh-cut flowers, bláthanna nuabhainte.
From flower to flower, ó bhláth go bláth.
In full flower, faoi bharr blátha.
Flower garden, gairdín bláthanna.
Much good may it do you! nár thé sé ar bláth ná ar biseach duit! a chonách sin ort!
In the heyday of youth, i mbláth na hóige.
May(-blossom), bláth m na sceiche gile.
At the meridian of his glory, ag buaic a ghlóire, i mbláth a réime.
Land of milk and honey, tír faoi mhil agus faoi bhláth.
New-blown flower, bláth i ndiaidh spréite, nuaspréite.
The may is out, tá an sceach gheal faoi bhláth.
(Flower-)pot, croca m bláthanna.
Field pranked with flowers, páirc f (atá) breac ballach le bláthanna.
In the pride of years, i mbláth na hóige.
She is past her prime, tá a bláth curtha aici.
Flowers in profusion, bláthanna mpl go barr bachall.
In the full radiance of her beauty, i mbláth a scéimhe.
To be sweet seventeen, bheith i mbláth na seacht mbliana déag.
To put s.o. in the shade, an bláth a bhaint de dhuine.
May your shadow never grow less, go gcuire Dia rath agus bláth ort.
It made a poor show, ba bhocht an feic é, ní raibh aon bhláth air.
To make spoil of s.o.'s flowers, foghail a dhéanamh ar bhláthanna duine.
To spoil the beauty of sth., an bláth, an mhaise, a bhaint de rud.
Spring flowers, bláthanna an earraigh.
To strew the floors with flowers, bláthanna a scaipeadh ar an urlár; brat bláthanna a chur ar an urlár.
Flowers touched by the frost, bláthanna barrdhóite ag an sioc, bláthanna ar theagmhaigh an sioc leo.
To twist flowers into a garland, bláthanna a fhí ina bhfleasc.
He died in the full vigour of manhood, fuair sé bás i mbláth a mhaitheasa.
Wayside flowers, bláthanna cois bóthair.
Wild flowers, bláthanna léana, scéine.