PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I heard of it after, ina dhiaidh sin a chuala mé é.
I always heard that. . ., chuala mé riamh go ...
A little bird told me so, chuala mé ag dul tharam é.
I was tremendously bucked up to hear the news, bhí lúcháir an tsaoil orm nuair a chuala mé an scéal.
I did not catch what you said, níor chuala mé i gceart céard a dúirt tú.
I heard him come by, chuala mé ag dul thart é.
Nobody heard it except myself, níor chuala aon duine ach mé féin é.
I heard it from him, chuala mé aige é; is uaidh a chuala mé é.
I have heard it said, F: I have heard tell that..., chuala mé iomrá go...
This is the first I have heard of it, tá mé sa chéad talamh ar chuala mé é.
I never heard of such a thing! ar chuala aon duine riamh a leithéid!
I know it, have it, only from hearsay, níl agam ach mar a chuala mé, ach scéal scéil.
I imagined I heard a knock at the door, chonacthas dom gur chuala mé cnag ar an doras.
I know of him, chuala mé a iomrá; tá eolas agam air.
I never heard the like (of it), níor chuala mé riamh a leithéid.
Listeners never hear good of themselves, níor chuala cluas le héisteacht aon mhaith riamh.
I heard my name mentioned, chuala mé m'ainm á lua.
I have just this moment, only this moment, heard of it, anois go díreach a chuala mé é.
I came the (very) moment I heard of it, tháinig mé an dá luas agus chuala mé é.
I was moonstruck when I heard it, baineadh an anáil díom nuair a chuala mé é.
I know him by name, chuala mé a ainm.
Nobody that was there heard anything, níor chuala aon duine dá raibh ann a dhath.
Possibly he has heard of you, seans, b'fhéidir, gur chuala sé caint ort.
All present heard it, chuala an comhthionól ar fad é.
I have heard some pretty tales about you, chuala mé scéalta aisteacha fútsa.
I know of it by mere report, nil agam ach mar a chuala mé.
I know him by repute, chuala mé iomrá go minic air.
I heard a rumour that..., chuala mé ag dul tharam é go . . .
I seem to have heard the name, feictear dom, samhlaítear dom, gur chuala mé an t-ainm.
I heard of it by a side-wind, aniar aduaidh a chuala mé é.
In a stage-whisper, i gcogar a chuala an teach.
He states positively that he heard it, deir sé go cinnte gur chuala sé é.
I had never heard such good music, níor chuala mé riamh roimhe a leithéid de cheol ar a fheabhas.
I could have sworn I heard a cry, thabharfainn an leabhar gur chuala mé glao.
I have been told that . . ., chuala mé go . . .
I heard tell of it, chuala mé iomrá air.
I heard the heavy tramp of the soldiers, chuala mé coiscéimeanna troma na saighdiúirí.
I heard another version of it, chuala mé insint eile air.