Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ceadh · fead · feadha · feagh · fiadh
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: During aeons upon aeons, ar feadh na mílte míle bliain.
He was ill for years after, bhí sé breoite ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
All the way, ar feadh an bhealaigh.
For all I know, ar feadh a bhfuil a fhios agam; go bhfios dom.
To walk along the shore, siúl feadh an chladaigh.
For miles and miles, ar feadh na mílte agus na mílte.
For aught I know, ar feadh a bhfuil a fhios agam.
Not that I am aware of, níl (etc.), ar feadh a bhfuil a fhios agam.
To the best of my belief, ar feadh mo thuairime; chomh fada le mo bharúil.
To the best of my knowledge, recollection, ar feadh m'eolais, mo chuimhne.
To lie flat on the ground, síneadh feadh na talún.
The road is lined with trees for two miles, tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí.
I am going to London and I'll stay there for a week, beidh mé ag dul go Londain agus fanfaidh mé ann ar feadh seachtaine.
He was away for a fortnight, bhí sé as baile ar feadh coicíse; bhí sé coicís as baile.
Mil: To go up the line, dul suas feadh na líne.
Hacking along the road, ag falaireacht feadh an bhóthair.
In my opinion, de réir, ar feadh, mo bharúla.
As far as I know, for all I know, ar feadh m'eolais, go bhfios dom.
To my knowledge, to the best of my knowledge, as far as my knowledge goes, ar feadh m'eolais; go bhfios dom; chomh fada le m'eolas.
I have been on my legs all day, ní raibh suí suaimhnis feadh an lae agam.
His hand ran lightly over the strings of the harp, ghluais a mhéara go héadrom feadh téada na cruite.
To line a walk with trees, crainn a chur feadh cosáin (ar gach taobh).
For a little (while), ar feadh tamaillín.
For a long time he was thought to be dead, ar feadh i bhfad ceapadh go raibh sé marbh.
I look down the list, féachaim, tugaim súil, feadh an liosta.
For many years, ar feadh mórán bliain; le blianta fada.
To the best of my memory, ar feadh mo chuimhne; chomh fada agus is cuimhneach liom.
In the offing, amach ar an bhfairsinge; ar an bhfeadh mhór.
(Of boxer) To be out for seven seconds, luí ar feadh seacht soicind.
As far as lies within my power, ar feadh mo chumais.
To the best of my reckoning, ar feadh m'eolais.
As far as I recollect . . ., ar feadh mo chuimhne . . .
To the best of my recollection, ar feadh mo chuimhne.
To the best of my remembrance, chomh fada le, ar feadh, mo chuimhne.
During my residence abroad, ar feadh mo ré ar an gcoigrích.
Ribbon building, tógáil feadh an bhóthair.
For a mile round, feadh míle ar gach taobh.
To run a mile, rith ar feadh mile.
To sail up the coast, seoladh feadh an chósta.
As far as I can see, ar feadh m'eolais, chomh fada le mo thuiscintse.
For a short time, ar feadh tamaill bhig; (in the future) go ceann tamall bhig.
To slide down the wall, sleamhnú anuas feadh an bhalla.
For a space, ar feadh tamaill.
To stick at a task for six hours, fanacht i gceann oibre gan stad ar feadh sé huaire an chloig.
For a long period of time, ar feadh achair fhada.
The crowd surged along the street, bhrúcht an slua feadh na sráide.
He was talking away all night, bhí sé ag cur de ar feadh na hoíche.
All the time, i rith an ama, ar feadh na faide.
For weeks at a time, ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile.
To the best of my remembrance, ar feadh mo chuimhne.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News