EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
get in. I v.i. 1 F: =GET INTO 1 (a). 2 a Téim isteach i (gcóiste, etc.). The water had got in everywhere, bhí uisce tríd ins gach aon bhall; bhí uisce istigh ann ó gach aon taobh. If the train gets in in time, má thagann an traein in am. b To get in between two people, dul idir beirt. c To get in with s.o., cos isteach a fháil le duine. d Pol: He got in for this constituency, cuireadh isteach é sa toghlach seo. II v.tr 1 Cuirim, tugaim, isteach. To get in the crops, an fómhar a chur isteach, a tharlú. I got in my debts, thóg mé mo chuid fiacha. She got a man in to mend the window, fuair sí fear leis an bhfuinneog a dheisiú. 2 He got his blow in, chuir sé a bhuille i gcion. To get a word in, caoi a fháil ar fhocal a rá, focal a chur isteach. If I can get it in (in the time), má fhaighim uain air. 3 To get one's hand in, an lámh a chur i dtiúin; taithí (oibre, etc.) a fháil. 4 Cuirim (síolta).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
We got a buffeting in Galway Bay, tugadh an-tuairteáil dúinn i gCuan na Gaillimhe.
I had much to do in getting him to come, bhí a lán dá dhua agam ag iarraidh é a mhealladh chun teacht.
F: I can't get a word in edgeways, níl caoi ar bith agam mo gheab a chur isteach.
To get entangled in the seaweed, dul i bhfostú, in ascar, san fheamainn.
How far have you got (in your reading, etc.)?, an fada chun cinn atá tú (sa léitheoireacht, etc)?
He got his foot in, fuair sé áit a chos ann.
He got ten years (in prison), gearradh deich mbliana príosúin air.
He is getting on (in years), tá tonn mhaith aoise aige; tá sé ag dul anonn sna blianta.
He got on in life, rith go maith leis; d'éirigh leis sa saol.
He will get on (in the world), ardóidh sé (sa saol); beidh rath an tsaoil air.
To get round to every boy in the class, teacht fad le gach aon bhuachaill sa rang.
F: To get in on the ground-floor, dul isteach i gcomhlacht ar chomhchéim leis na fundúirí.
To get in, win, the harvest, an fómhar a chur isteach.
I haven't got it in me to do it, níl mé in inmhe a dhéanta.
He got his finger jammed in the door, rug an doras ar a mhéar.
To get a lift up in the world, céim f suas sa saol a fháil.
He won't get a look-in, níl seans ar bith aige.
P: He got it in the neck, fuair sé i mbun na cluaise é.
He got purple in the face (with anger), dhubhaigh agus ghormaigh air (le teann feirge).
you'll get run in, cuirfear i gceangal tú.
You stand in danger of getting killed, tá tú i gcontúirt do mharaithe.
Sch: I got stuck in history, d'fheall an stair orm.
He had to stoop in order to get into the car, b'éigean dó cromadh le dul isteach sa charr.
He was taken, got caught, in the toils, ceapadh sa dol é.
We got a tossing in the sound, fuair muid drochthuairteáil ar an sunda.
To get in touch with the police, scéala a thabhairt do na gardaí.
He had a lot of trouble in getting it, shaothraigh sé go maith é.
You will get used to it in time, tiocfaidh tú isteach air le haimsir.
What I can't get done in the week I do on Sundays, an méid nach n-éiríonn liom a dhéanamh ar feadh na seachtaine déanaim ar an Domhnach é.
Whichever of you comes in first gets the prize, cibé duine agaibh is túisce a thiocfas isteach is é gheobhas an duais.
We got the worst of it (in a fight), rugadh bua orainn.
He is getting on in years, tá sé ag dul anonn sna blianta.