Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: give in · lie in · live on · live-in · lie-in
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for live in » and live-in »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
live in, v.i. The employees live in, cuireann an lucht oibre futhu sa teach; bíonn an lucht oibre ag codladh istigh.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To live in abject poverty, maireachtáil go fíorbhocht; bheith ar maos i mbochtaineacht.
He lived in abundance, bhí flúirse agus fairsingeacht aige; bhí saol na bhfuíoll aige.
The age we live in, an saol a bhfuilimid ann.
He is, he lives (like a pig) in clover, tá saol na bhfuíoll aige.
He lived in comfort, bhí an saol ar a mhian aige; bhí saol sócúlach aige.
They live in concord, tagann siad le chéile go maith; réitíonn siad go maith le chéile.
I was living in digs, in diggings, ar lóistín a bhí mé.
These races live in filth, maireann na ciní seo sa bhréantas.
Prov: People who live in glass houses should not throw stones, (i) achasán na hóinsí don amaid; (ii) cibé atá saor caitheadh sé cloch.
They live in harmony, tá teacht maith le chéile acu.
I have lived in London for three years, tá mé i mo chónaí i Londain le trí bliana.
To live, to be, in hopes that . . ., bheith beo ag súil go . . .
To live in a hugger-mugger fashion, saol scaipthe neamhshocair a chaitheamh.
He lives in idleness, eats the bread of idleness, tá droim díomhaoin aige.
I have lived in Dublin-Indeed? bhí mé seal in mo chónaí i mBaile Átha Cliath -- Maise an abair tú sin liom?
It would involve living in the Gaeltacht, chaithfeá cónaí sa Ghaeltacht.
To live in style, maireachtáil go hardnósach.
He lives (out) in the country, tá sé ina chónaí faoin tuaith.
This house is not fit to live in, níl an teach seo oiriúnach chun cónaithe ann.
This district has been lived in since the earliest times, tá cónaí sa dúiche seo ó thosach aimsire.
He is still in the land of the living, tá sé beo fós.
He lives in the lap of luxury, ní cheileann sé aon só air féin.
To live in the neighbourhood of . . ., cónaí i gcóngar (ruda, áite); cónaí in aice le ...
To live in obscurity, maireachtáil gan fhios don saol.
He lived in opulence, bhí saol na bhfuíoll aige.
He lives in a fool’s paradise, níl aon pheaca air.
To live in peace (and quietness), maireachtáil go suaimhneach.
To live in plenty, saol na bhfuíoll a bheith agat.
To live in poverty, maireachtáil go beo bocht.
To live in privacy, maireachtáil gan fhios don saol.
To live in privation, bheith beo bocht; bheith faoi anás.
To live in a quiet way, saol gan aon éirí in airde a chaitheamh.
They live in relative luxury, tá sómas réasúnta acu.
To live in retirement, maireachtáil go cúlráideach.
To live in rooms, cónaí i seomraí.
To live in the same house as s.o., cónaí in aon teach le duine.
They live in savagery, tá siad i bhfiáin, níl aon tsibhialtacht orthu.
To live in seclusion, cónaí ar an uaigneas, ar an gcúlráid.
To keep great state, to live in state, do shaol a chaitheamh faoi phoimp agus faoi mhórtas.
He lives in (great, grand) style, tá saol fir uasail aige.
We are told that on such a date he lived in such a street, deirtear linn go raibh sé ina chónaí ar a leithéid seo de shráid a leithéid seo de lá.
The times we live in, an saol atá anois ann, na saolta seo.
We must eat (in order) to live, caithfimid greim a ithe más linn bheith beo, le bheith beo.
To live in town, cónaí sa chathair.
He lives in this very place, tá sé ina chónaí san áit cheannann chéanna seo, san áit seo féin.
To live in vice, drochbheatha a chaitheamh.
To live in want, bheith beo bocht; bheith ar an anás.
He lives in a small way, maireann sé gan puinn scléipe.
What few people I am interested in live in the country, an beagán daoine a bhfuil spéis agam iontu, faoin tír atá siad ina gcónaí.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News