PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is ageing, tá an aois ag luí air; tá an seanduine ag teacht air.
He lay awake all night, bhí sé ina luí múscailte, ar neamhchodladh, i rith na hoíche.
To lie on the bare ground, luí ar an lompaire.
(Of ship) On her beam-ends, ina luí ar a taobh.
It was gradually borne in upon him . . ., as a chéile cuireadh ina luí air . . .
To take its bearing on sth., luí ar rud.
As you make your bed so must you lie on it, mar a chóirigh tú do leaba caithfidh tú luí uirthi.
He began to strike him, luigh sé ar é a bhualadh.
I cannot bring myself to believe it, ní féidir liom é a chur ina luí orm féin, ní féidir liom é a chreidiúint.
My shoe is chafing me, tá an bhróg ag luí orm.
He comprehended the full meaning, chuaigh an bhrí iomlán ina luí air.
To convict s.o. of error, a dhearmad a chur ina luí ar dhuine.
The facts corroborate his statements, tá fírinne an scéil ag luí lena thuairisc air.
To decide s.o. to do sth., a chur ina luí ar dhuine rud a dhéanamh.
Mil: To develop an attack, luí isteach ar ionsaí.
The food disagreed with him, luigh an bia air.
He let his thoughts dwell on it, luigh a aigne air.
He laid emphasis on the necessity for . . ., luigh sé go trom ar a riachtanaí a bhí . . .
To exert oneself, luí amach ort féin.
He had to exert himself to do it, b'éigean dó luí amach air féin lena dhéanamh.
He fell upon his food, luigh sé isteach ar a bhéile (le hairc).
He fell under suspicion, luigh amhras air.
The play didn't really get me, níor chuaigh an dráma ina luí orm.
F: He got down to the work, dhírigh sé, luigh sé isteach, chrom sé, ar an obair.
He gave himself up to drink, luigh sé isteach ar an ól as éadan.
Box: He is a glutton for punishment, ní luíonn aon bhuille air.
My dinner won't go down, tá an dinnéar ag luí ar an gcliabh agam.
I can't get that into his head, ní thig liom sin a chur ina luí air.
To bring sth. home to s.o., rud a chur ina luí ar dhuine.
To impress sth. upon s.o., rud a chur ina luí ar dhuine.
I must impress upon you that . . ., ní mór dom a chur ina luí ort go . . .
An impressionable person, duine ar furasta rud a chur ina luí air.
What is the incidence of the tax? cé ar a luíonn an cháin?
To indulge in drink, luí isteach ar an deoch.
To instil an idea into s.o., smaoineamh a chur ina luí ar dhuine de réir a chéile.
He is laid up, tá sé ar fhleasc a dhroma, ina luí tinn.
I was led to the conclusion that. . ., tháinig mé ar an tuairim go . . . cuireadh ina luí orm faoi dheireadh go . . .
Nau: He knew the lie of the coast, bhí luí an chósta ar eolas aige.
His responsibilities sit lightly upon him, ní luíonn a chúram go róghéar air.
The boat took a list, luigh an bád ar a leataobh.
I am open to conviction, is féidir rud a chur ina luí orm.
To lean out (of the window), luí amach ar an bhfuinneog.
(Of boxer) To be out for seven seconds, luí ar feadh seacht soicind.
To persuade s.o. of sth., rud a áiteamh ar, a chur ina luí ar, dhuine.
To persuade s.o. that he ought to do sth., a áiteamh, a chur ina luí, ar dhuine gur ceart dó rud a dhéanamh.
He persuaded me not to . . ., chuir sé ina luí orm gan . . ., thug sé orm gan . . .
Prov: Everyone knows best where his own shoe pinches, agat féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg ort.
His responsibilities press heavily upon him, luíonn, goilleann a chúram go trom air.
To prevail (up)on s.o. to do sth., tabhairt ar dhuine, a chur ina luí ar dhuine, rud a dhéanamh.
To reason s.o. out of doing sth., a chur ina luí ar dhuine gan rud a dhéanamh.