PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Addiction to study, science etc., luí m le staidéar, leis an eolaíocht, etc.
To pocket an affront, luí faoi easonóir.
He is ageing, tá an aois ag luí air; tá an seanduine ag teacht air.
He is greatly attached to his work, tá an-luí aige lena chuid oibre.
He lay awake all night, bhí sé ina luí múscailte, ar neamhchodladh, i rith na hoíche.
To lie on the bare ground, luí ar an lompaire.
The sun is set, tá an ghrian ina luí.
(Of ship) On her beam-ends, ina luí ar a taobh.
It was gradually borne in upon him . . ., as a chéile cuireadh ina luí air . . .
v.i. Nau: To bear off from the land, luí amach, coinneáil amach, ón talamh.
To take its bearing on sth., luí ar rud.
v.i.Nau: To beat up, luí isteach le talamh, imeacht le cloch.
He is in bed, (i) tá sé ina luí, tá sé ina chodladh; (ii) (through illness) tá sé ar an leaba.
To go to bed, dul a luí, a chodladh.
He took to his bed, luigh sé, thug sé an leaba air féin.
Keep to your bed, fan i do luí, fan ar do leaba.
To put a child to bed, leanbh a chur a luí.
As you make your bed so must you lie on it, mar a chóirigh tú do leaba caithfidh tú luí uirthi.
He began to strike him, luigh sé ar é a bhualadh.
To lag behind, luí siar chun deiridh.
To berth forward, aft, luí i dtosach, i ndeireadh.
I must bear the blame, mise a chaithfeas luí faoi.
I cannot bring myself to believe it, ní féidir liom é a chur ina luí orm féin, ní féidir liom é a chreidiúint.
F: Buckling to, (i) luí m le hobair; (ii) dul i gceann oibre.
My shoe is chafing me, tá an bhróg ag luí orm.
(Of garment) It clings to the figure, luíonn sé leis an gcorp.
He comprehended the full meaning, chuaigh an bhrí iomlán ina luí air.
Sentence that does not construe, abairt nach luíonn leis an ngramadach.
To convict s.o. of error, a dhearmad a chur ina luí ar dhuine.
The facts corroborate his statements, tá fírinne an scéil ag luí lena thuairisc air.
He dearly loves his work, tá an-luí aige lena chuid oibre.
To decide s.o. to do sth., a chur ina luí ar dhuine rud a dhéanamh.
Mil: To develop an attack, luí isteach ar ionsaí.
The food disagreed with him, luigh an bia air.
To display a taste for . . ., a thaispeáint go bhfuil luí agat le rud.
He has a distinct preference for ..., tá luí láidir aige le...
F: He lay doggo, d'fhan sé gan corraí, luigh sé siar ina spéice.
He is down with the fever, tá sé ina luí le héagruas.
He let his thoughts dwell on it, luigh a aigne air.
To keep early hours, luí leis an uan agus éirí leis an éan.
He laid emphasis on the necessity for . . ., luigh sé go trom ar a riachtanaí a bhí . . .
He entered into the spirit of the conversation, luigh sé isteach le meanma an chomhrá.
To exert oneself, luí amach ort féin.
He had to exert himself to do it, b'éigean dó luí amach air féin lena dhéanamh.
He fell upon his food, luigh sé isteach ar a bhéile (le hairc).
He fell under suspicion, luigh amhras air.
It fits you like a glove, tá sé an-luite leat; tá do thomhas go beacht ann.
Your dress fits well, luíonn do ghúna go deas leat.
He flattened himself against the wall, luigh sé isteach leis an mballa.