PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The river is a mile across, tá an abhainn míle ar leithead.
(Passive use) His debts add up to a thousand pounds, tá míle punt d'fhiacha air idir an t-iomlán.
F: During aeons upon aeons, ar feadh na mílte míle bliain.
These armies aggregated 300,000 men, bhí trí chéad míle fear ag na hairm seo eatarthu.
He is one among a thousand, fear as an míle atá ann.
For miles and miles, ar feadh na mílte agus na mílte.
They are a mile apart, tá siad míle ó chéile.
Towns a hundred miles apart, bailte a bhfuil céad míle eatarthu.
We are five miles away from the station, táimid cúig mhíle ón stáisiún.
Thanks awfully! go raibh míle maith agat!
(Measure, etc.) It is two miles from here to Galway, tá sé dhá mhíle as seo go Gaillimh.
I blessed the stars that . . ., thug mé míle buíochas do Dhia go . . .
I took every step that I possibly could, rinne mé mo sheacht míle dícheall, gach ar fhéad mé.
His house cost him £5,000, chosain an teach cúig mhíle punt air.
F: The thief fled with the street in full cry after him, thug an gadaí do na boinn é agus míle murdair ag lucht na sráide ina dhiaidh.
Three miles distant, trí mhíle ó bhaile.
To do three miles on foot, dul trí mhíle de shiúl cos.
The car was doing sixty, bhí luas seasca míle san uair faoin gcarr.
Thank you ever so much, go raibh míle míle maith agat.
Every bit as good as . . ., gach aon phioc, gach uile mhíle orlach, chomh maith le ...
They died like flies, fuaireadar bás ina mílte.
Twenty thousand foot, fiche míle coisí.
Twenty thousand horse and foot, fiche míle idir chois agus mharcshlua.
The road is lined with trees for two miles, tá crainn ar gach taobh den bhóthar ar feadh dhá mhíle slí.
There is no house for a mile around, níl teach i ngiorracht míle dhúinn.
Two miles from here, dhá mhíle as seo.
It is a full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
It is full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
The burglars got away with a thousand pounds, d'ardaigh na gadaithe míle punt leo.
To go twenty miles an hour, dul fiche míle san uair.
He went at it hard, thug sé faoi ar a mhíle dícheall.
Four hundred miles in two hours, that’s very good going, ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é.
It is two good miles away, tá sé dhá mhíle as seo go sásta.
To go as high as £2,000, dul chomh hard le dhá mhíle punt.
Five miles an hour, cúig mhíle san uair.
They died in hundreds, in hundreds of thousands, fuair siad bás ina gcéadta, ina gcéadta míle.
Ten miles intervened between the two towns, bhí deich míle idir an dá bhaile.
I've been let in for a thousand, fágadh míle (punt) orm.
F: He did his level best, rinne sé a mhíle dícheall, teann a dhíchill.
Within a three mile limit, taobh istigh de na trí mhíle.
Two long miles, dhá mhíle fhada.
I lost a thousand pounds, chaill mé míle punt.
To make twenty nautical miles, dul de réir fiche míle farraige san uair.
Ever so many times, fiche míle uair.
Statute mile, English mile, míle m gallda.
Irish mile, míle gaelach.
Nautical mile, sea mile; míle farraige.
Square mile, míle cearnach
Nau: Measured mile, míle tomhaiste.
Thank you very much, go raibh míle maith agat.