Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aithle · drithle · draithle · druithle · eithre
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was finding it difficult to do, bhí sé ag dul rite leis é a dhéanamh.
It is exposed to the wind, tá bualadh na gaoithe air, tá sé rite le gaoth.
The exchange is for us, tá rith na malairte linn.
Vessel running free, long á leagan (anuas), ag rith le gaoth.
He got away with that, rith, chuaigh, sin leis.
He got on in life, rith go maith leis; d'éirigh leis sa saol.
It will go hard with him, rachaidh sé rite leis.
I can ill afford the expense, tá sé ag dul rite go leor liom an costas a sheasamh.
F: He ran like anything, like blazes, like the (very) devil, like mad, rith sé in ainm an diabhail, le luas lasrach.
He is in luck, out of luck, tá an t-ádh, an mí-ádh, ag rith leis.
My luck's in! tá rith an ráis liom!
It came to my mind that. . ., bhuail sé isteach imo cheann go . . ., rith sé liom go . . .
Nip round to the shop, sciurd anonn, rith leat, chun an tsiopa.
Parl: To pass a bill, bille a rith, glacadh le bille.
To race along, rith leat go tapaidh.
The rumour reached him, tháinig an scéal reatha chomh fada leis.
Now we must run for it! chun reatha anois linn!
He was running with sweat, bhí an t-allas ina rith leis; bhí sé ag bárcadh allais.
The rain was running down the window, bhí an fhearthainn ina rith anuas leis an bhfuinneog.
It satisfies all requirements, tá sé mar a d'iarrfadh do bhéal a bheith, tá sé ag rith le gach coinníoll.
To scud before the wind, rith le croí córach.
He had a stiff job getting it finished, chuaigh sé rite leis a chríochnú.
It struck me that..., rith sé liom go . . ., thit sé le m'intinn go . . .
A man who has achieved success, fear ar rith an saol leis.
He was successful in founding a business, rith leis gnó a bhunú.
To pass a vote of thanks to s.o., rún buíochais a rith le duine.
I have been thinking that . . ., bhí sé ag rith liom go . . ., bhí mé ag ceapadh go . . .
F: He ran for all he was worth, rith sé leis an méid a bhí ina chnámha.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News