EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
saying, s. 1 a Rá m, aithris f. It goes without saying that . . ., ní call a rá go . . . b There is no saying . . ., ní féidir a rá . . . 2 a Rá m, briathar m. Doings and sayings, gníomhartha agus cainteanna, ráite. Historical sayings, briathra stairiúla. b (Common) saying, nath m -a, seanrá m, seanfhocal m. As the saying goes, mar atá ráite riamh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Without saying another word, gan an dara focal a rá.
To come back to what I was saying, mar a bhí mé ag rá.
To conclude by saying..., a rá mar fhocal scoir . . .
That's saying a good deal, is mór an focal é sin.
There is great difference between doing and saying, ní briathar a dhearbhaíos ach gníomh.
Doings and sayings, bearta agus briathra.
As the saying goes, mar a deirtear; mar a deir an nath.
That goes without saying, níl call sin a rá.
It is no good saying . . ., ní haon tairbhe, ní haon chabhair, a bheith á rá (go) ...
What grounds have you for saying that? cad é an bun atá agat leis an gcaint sin?
There's no harm in saying so, ní dochar ar bith é a rá.
I have no hesitation in saying . . . ní spaspas ar bith liom a rá . . .
(Of conversation) Interspersed with witty sayings, saillte le dea-chaint.
He has a happy knack of saying the right thing, tá deis a labhartha aige; tá sé fíorthráthúil ina chaint.
That needs no saying, is fíor sin dá mbeinn i mo thost.
The priest is saying his office, tá an sagart ag rá a thrátha, ag léamh a phortúis.
If you will pardon my saying if, mura miste leat mé á rá.
I have much pleasure in saying . . ., is maith liom a bheith le rá agam go . . .
Do not resent my saying so, ná tóg orm a rá.
He has the knack of saying the right thing, tagann an focal tráthúil i gcónaí leis.
That is what people are saying, sin an rud atáthar a rá.
So saying he departed, dúirt sé sin agus d'imigh.
It goes without saying that . . ., tá a fhios ag an saol go . . ., ní call a rá go . . .