EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
doing, s. 1 a Déanamh m. There is great difference between doing and saying, ní briathar a dhearbhaíos ach gníomh. That requires some doing, ní furasta é sin a dhéanamh, is mór an obair é sin a dhéanamh. b This is John's doing, is é Seán faoi deara é seo. That's none of my doing, ní hé mo chiontasa é. 2 (Usu. in pl.) Bearta mpl, gnóthaí mpl. a Pej: Drochbheart m, drochghné m. Fine doings these! nach deas an obair i seo! That's some of Tom's doings! sin cuid de ghnóthaí Thomáis! b Doings and sayings, bearta agus briathra. Great doings in Connemara, obair mhór i gConamara.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I am above doing that, ní ísleoinn mé féin chuige sin.
Staonaim (from sth., from doing sth., ó rud, ó rud a dhéanamh).
To call s.o. to account (for sth. for doing sth.), míniú m, cuntas, a iarraidh ar dhuine.
a.To be adept in sth., at doing sth., bheith deas, deaslámhach, oilte, ar rud, ar rud a dhéanamh.
To advise s.o. against doing sth., comhairliú do dhuine gan rud a dhéanamh.
With the aim of doing sth., le hintinn, le rún, rud a dhéanamh.
Without doing anything, gan faic a dhéanamh.
He apologized for doing it, ghabh sé a leithscéal as a dhéanamh.
To be apt at doing sth., bheith oilte, deas, ar rud a dhéanamh.
To assist s.o. in doing sth., cuidiú le duine rud a dhéanamh.
To associate with s.o. in doing sth., dul i bpáirt le duine i gceann ruda.
To make an attempt at sth., at doing sth., to do sth., iarraidh, iarracht, a thabhairt ar rud, ar rud a dhéanamh.
I feel an aversion to doing it, tá drogall orm é a dhéanamh.
He avoided doing it, sheachain sé a dhéanamh.
Backwardness in doing something, drogall m rud a dhéanamh.
He's doing badly, níl ag éirí go maith leis, níl ag éirí leis.
To begin to do sth., to begin doing sth., tosú ag déanamh ruda, ar rud a dhéanamh.
To beguile the time doing sth., an t-am a chur thart ag déanamh ruda.
He was doing his best, the best he could, bhí sé ar a dhícheall, ag déanamh a dhíchill.
To bethink oneself of doing sth., smaoineamh ar rud a dhéanamh.
Beware of doing it, fainic an ndéanfá é.
To blame s.o. for sth., for doing sth., duine a cháineadh, a lochtú, faoi rud, faoi rud a dhéanamh.
He bounced me into doing it, dheifrigh sé mé lena dhéanamh le tréan cainte.
To bully s.o. into doing sth., duine a scanrú le go ndéanfadh sé rud.
To be busy doing sth., bheith gnóthach i gceann ruda.
He busied himself doing it, bhí sé gnóthach ina éadan, thóg sé a chúram air féin.
(With gerund) By doing that you will offend him, má dhéanann tú sin cuirfidh tú fearg air.
What do you gain by doing that?, cén mhaith dhuit é sin a dhéanamh?
To cajole s.o. into doing sth., duine a bhladar le rud a dhéanamh.
To calculate upon sth., on doing sth., bheith ag brath ar rud; bheith ag brath ar rud a dhéanamh.
I can understand your doing it, tuigim cén fáth a ndearna tú é; thuigfinn go ndéanfá é.
Capacity for doing sth., acmhainn le rud a dhéanamh.
Take care in doing it, bí san airdeall agus tú á dhéanamh.
Be careful what you are doing, fainic an rud atá tú a dhéanamh.
To catch s.o. doing sth., breith ar dhuine ag déanamh ruda éigin.
F: Catch me (doing such a thing)! baol orm (a leithéid sin a dhéanamh).
You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís!
He has good cause for doing it, tá údar maith, fáth mór, aige lena dhéanamh.
He has a good chance of doing it, tá an-deis aige é a dhéanamh.
He is chary of, in, doing it, tá drogall air é a dhéanamh; tá hob ann agus hob as aige faoina dhéanamh.
To choke s.o. off from doing sth., duine a chur ó rud a dhéanamh.
Doing chores, siobáil f, giurnáil f, poistínteacht f.
To be clever at doing sth., bheith oilte, deas, ar rud a dhéanamh.
Cleverness at doing sth., deaslámhaí ag déanamh ruda.
To coax s.o. into doing sth., duine a mhealladh, a bhladar, le rud a dhéanamh.
That is what comes of doing . . ., sin é a tharlaíos de bharr ... a dhéanamh.
To commence to do sth., to commence doing sth., tosú ag déanamh, ruda, ar rud a dhéanamh.
To confine oneself to doing sth., cloí le rud a dhéanamh.
To contemplate sth., doing sth., rud a bheartú, smaoineamh ar rud a dhéanamh.
I was counting on your doing that, bhí mé ag brath air go ndéanfá é sin.