PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To come to an accommodation, socrú de thoil a chéile, réiteach a dhéanamh.
To adjudicate in a case, cás a shocrú; breith a thabhairt i gcás.
To agree upon, as to, certain conditions, socrú ar choinníollacha áirithe.
It was agreed unanimously, socraíodh é, cinneadh air, d'aonghuth.
To come to an agreement, socrú a dhéanamh.
They have an agreement, tá socrú eatarthu.
Jur: Amicable settlement, socrú síochánta.
To arrange his affairs, a ghnóthaí a shocrú.
It was arranged that. . ., bhí sé socair go . .., socraíodh go . . .
To make arrangements to do sth., for sth. to be done, socrú le rud a dhéanamh, go ndéanfaí rud.
Price by arrangement, an luach le socrú.
To arrive at a price, luach a shocrú.
Jur: To assess damages, socrú ar dhamáistí, damáistí a mheasúnú.
(Of foundations, etc.) To bed down, socrú.
It belongs to me to decide it, agamsa atá a shocrú.
Agreement binding on s.o., socrú a chuireas duine faoi cheangal.
To covenant with s.o. for sth., socrú le duine faoi rud.
F: To name the day, lá an phósta a shocrú.
Nothing has been decided yet, níl aon socrú déanta fós, níor beartaíodh aon rud fós.
To decide to do sth., socrú, cinneadh, ar rud a dhéanamh.
It was decided to await his reply, socraíodh go bhfanfaí le freagra uaidh.
I have decided what I shall do, tá socair agam, tá m'intinn socraithe, ar an rud a dhéanfad.
To decide (up)on sth., beartú, socrú, ar rud.
To determine that..., socrú, cinneadh, go . . .
To dispose of a matter, gnó a shocrú, a chur i gcrích.
To dispose oneself to sleep, socrú síos chun codlata.
To open the door to a settlement, bealach a réiteach chun socraithe.
F: That will even things up, socróidh sin an scéal go cothrom.
Com: Fixed prices, luachanna socraithe.
Haphazard arrangement, socrú neamhchúiseach.
He didn't keep the appointment, níor tháinig sé mar a bhí socraithe aige.
To settle a matter without going to law, scéal a shocrú lasmuigh den chúirt.
Decision taken by the majority, socrú m ar ghlac an mhórchuid leis.
These agreements make for peace, cúnamh chun na síochána na socraithe seo.
I make up my mind, socraím m'intinn, cinnim.
The judge may decide..., ag an mbreitheamh atá sé le socrú...
A momentous decision, socrú m cinniúnach.
To make all necessary arrangements, gach socrú dá bhfuil riachtanach a dhéanamh.
To leave the matter open, an scéal a fhágáil gan socrú.
To make a pact with s.o., socrú a dhéanamh le duine.
Arranged in pairs, socraithe ina bpéirí.
To hold a parley, dul chun socraithe le chéile.
Within the agreed period, taobh istigh den am socraithe.
To lay a place for s.o. (at table), áit a shocrú do dhuine (ag an mbord).
Following no preconcerted plan, gan leanúint d'aon socrú roimh ré.
Private arrangement, socrú pearsanta.
Jur: Private agreement, socrú m príobháideach.
To put the matter right, na cúrsaí a shocrú; bail a chur ar na gnóthaí.
To reach an agreement, teacht ar shocrú.
Agreement relating to . . ., socrú a bhaineann le ...