Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: batch · catch · witch · ach · aitch
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for watch »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
watch1, s. 1 A: Faire f. In the watches of the night, le linn fhaire na hoíche. The canonical watches, na tráthanna canónta. Keeping the night watches, ag faire na dtráthanna san oíche. 2 Faire f, airdeall m. To be on the watch, (i) bheith ag faire, san airdeall; (ii) bheith ar d'aire, ar d'fhaichill. To be on the watch for s.o., bheith ag faire ar dhuine, ag fuireach le duine. To keep watch, faire a sheasamh. To keep (a) good watch, faire chruinn a dhéanamh. To keep a close watch on s.o., sth., súil ghéar a choimeád ar dhuine, ar rud. To set a watch on s.o., faire a chur ar dhuine. 3 Hist: The watch, an garda oíche. 4 Nau: a Faire f. To set the watches, tráthanna mpl na faire a shocrú. The officer of the watch, oifigeach m na faire. To have watch and watch, gach re faire a sheasamh. S.a. RELIEVE 4 b (Men) Foireann f na faire. 5 Uaireadóir m. It is five by my watch, tá sé a cúig agamsa.
watch2 . 1 v.i. a Fairim. I watched all night, rinne mé faire na hoíche. b To watch by a sick person, suí ag duine tinn. To watch over a flock, tréad a aoireacht, a bhuachailleacht. To watch over a child, aire a thabhairt do pháiste. c To watch, to watch out, bheith ar d'fhaichill, ar d'aire; súil in airde a bheith agat. Watch out! aire dhuit! faichill! d To watch for s.o., bheith ag faire ar dhuine, ag fuireach le duine. 2 v.tr. a Déanaim (corp) a fhaire, a thórramh; fairim (rud, duine). b Coinním súil ar, táim ag faire ar. To watch s.o. narrowly, súil ghéar a choinneáil ar dhuine. We are being watched, táthar ag faire orainn. c We shall have to watch the expenses, ní mór dúinn a bheith aireach faoin gcostas. Watch your step! fainic an dtitfeá! I had to watch my steps throughout the discussion, b'éigean dom a bheith ar m'aire i rith na díospóireachta. d Breathnaím ar, féachaim ar. I was watching her working, bhí mé ag amharc uirthi ag obair. To watch a football match, bheith ag breathnú, ag féachaint, ar chluiche peile. Jur: To watch a case, freastal ar chúis (ar mhaithe le duine). e To watch one's opportunity, an fhaill a fhaire.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To keep close watch on s.o., súil ghéar a choinneáil ar dhuine.
He had the consciousness of being watched, mhothaigh sé, bhraith sé, go rabhthas ag faire air.
He was fidgeting with his watch-chain, bhí sé ag méirínteacht ar shlabhra a uaireadóra.
F: My watch has flown, tá m'uaireadóir sciobtha, ardaithe chun siúil, ag duine éigin.
I was watching their little game, bhíos ag faire ar a gcuid cleasaíochta.
Watch guaranteed for two years, uaireadóir a bhfuil bannaí go ceann dhá bhliain leis.
Lady's watch, uaireadóir mná.
Lever watch, uaireadóir luamháin.
I watched his movements, choinnigh mé súil ar an obair a bhí air, ar a chuid imeachtaí.
I noticed her look at her watch, thug mé faoi deara í ag féachaint ar a huaireadóir.
He perceived he was being watched, bhraith sé go rabhthas ag faire air.
P: To pop one's watch, d'uaireadóir a chur i ngeall.
To redeem one's watch (from pawn), d'uaireadóir a fhuascailt as geall.
Nau: To relieve the watch, uainíocht a dhéanamh ar an bhfear faire.
Watch it religiously, tabhair aire na fola dó.
To reset one's watch, d'uaireadóir a chur leis an am.
Watching the waves roll in, ag breathnú ar na tonnta ag teacht isteach ina mbréidíní.
P: To put one's watch up the spout, d'uaireadóir a chur i ngeall.
My watch has stopped, tá m'uaireadóir ina thost, stoptha.
Watch-strap, beilt f uaireadóra.
I've been watching you these ten minutes, táim ag faire ort le deich nóiméad.
Watch that keeps good time, uaireadóir a mbíonn an t-am ceart aige.
To keep a watch on one's tongue, airdeall a choinneáil ar do chuid cainte.
To twiddle (with) one's watch-chain, bheith ag méirínteacht ar shlabhra d'uaireadóra.
P: My watch is at my uncle's, tá m'uaireadóir i ngeall.
Watch unredeemed (from pawn), uaireadóir gan fuascailt (as geall).
To keep watch and ward, faire agus forcoimeád a dhéanamh.
Wristlet watch, uaireadóir m láimhe.
My watch is wrong, níl m'uaireadóir ar an am.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News