DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an spiorad nó an chuid inmheánach den duine a chreidtear a mhaireann tar éis a bháis; beatha (thit an t-anam as); brí, fuinneamh (cuir anam ionat féin)
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
duine a bhíonn ag braigeáil as féin
tuairim ró-ard díot féin; uabhar; sásamh, ardú croí, as rud a dhéanamh go maith
éan sna fabhalscéalta a dhódh é féin agus ansin a d'aiséiríodh as an luaithreach ina éan óg; focal moltach ar laoch nó ar bhean uasal (san fhilíocht)
fuaim a dhéantar gan úsáid a bhaint as an teanga ná na fiacla ná na beola (is é sin, gan chonsan) ar nós a, e, i, o, u, gearr nó fada, á n-úsáid leo féin nó le chéile chun fuaim a léiriú
dúchas sa duine nó san ainmhí rudaí áirithe a déanamh astu féin gan mhúineadh gan foghlaim (ar nós mar atá éin óga in ann eitilt)
ar leith, leis féin; corr, ait; gar dó féin, mór as féin
ráiteas, dearbhú (maíomh gaoil le duine); déanamh gaisce (ná bí ag maíomh asat féin); tnúth (ruda do dhuine) (ná maígh a shaol air)
éadálacha as long bhriste; an long féin (bád raice); lot, milleadh (tá an áit ina raic acu); racán, callán (raic a thógáil)
clisteacht ag déanamh ruda (pé acu as a foghlaim nó í a bheith sa duine féin); oilteacht gairme nó ceirde
anam, fuinneamh (cuir smoirt ionat féin); puth (as píopa)
lúbadh, straidhneáil (ná stang thú féin; bíomaí ag stangadh); lagú (táim stangtha ag an bhfuacht); croitheadh, stad (baineadh stangadh asam); stalc (stangadh gaoithe, triomaigh; tá an t-arán ina stangadh)
duine éigin anaithnid; duine as áit nó as tír iasachta, nó a mhothaíonn é féin amhlaidh
staidéaracht; ciall, gaois, críonnacht; foighne (tá stuaim mhór aici leis na páistí); intleacht, scil (as a stuaim féin a rinne sé é)
tarraingthe amach, rite, fáiscthe go docht (téad theann; fáisc go teann é); séidte crua (lamhnán, úth, teann); láidir, stóinsithe (fear teann téagartha; creideamh teann); dána, tiarnúil (is teann madra ar a thairseach féin); go maith as (feirmeoir teann); fórsúil, muiníneach (labhairt go teann); dian (ná bí teann air; ag obair go teann)
as féin, uaidh féin; spontáineach