DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
staidéar ar na bealaí ina bhfásann agus a maireann ainmhithe agus plandaí
leagan síolta sa talamh (coirce a chur); saothrú talún (gort a chur); leagan rudaí ina n-áit (cur tuí, cur gaistí; cuir ansin é); lorg (eolas, tuairisc, a chur); caitheamh (chuir sé míle ó bhaile é; chuir sé a shaol go hainnis); seoladh chun bealaigh (teachtaire, litir, a chur; cuir abhaile é); sileadh, doirteadh (ag cur fearthainne; allas, fuil, a chur); sceitheadh (na crainn ag cur an duilliúir)
tógáil duine nó ruda chun bealaigh le fórsa; (bean a fhuadach; d'fhuadaigh an stoirm é); creach
cur nó imeacht faoi sheol; fágáil calaidh; cur chun bealaigh (litir a sheoladh chuig duine); stiúradh, treorú (ag seoladh na mbó; cad a sheol anseo é?); rith, imeacht, cúrsa (chuir sé seoladh faoin scéal); ainm nó uimhir tí, sráide, baile etc. a bhfuil cónaí ar dhuine ann (m'áinm is mo sheoladh); cur i láthair an phobail (leabhar a sheoladh)
aicme plandaí nó ainmhithe atá cosúil le chéile ar bhealaí áirithe; cineál, sórt
imeacht, taisteal; turas, aistear (i dtrácht an bhealaigh dom); gnáthú (áit a bhfuil trácht mór air); gluaiseacht daoine, feithiclí, loingis etc., ar bhealaí taistil poiblí; na daoine, feithiclí etc. a thaistealaíonn amhlaidh; trádáil earraí etc. (bád tráchta)
fios bealaigh nó slí, díriú (faoi threoir an mhúinteora; ag imeacht gan treoir); gléas tomhais (treoir luais); gluaiseacht (níl treoir ná tapa ann)