DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
leacht a thálann ainmhithe baineanna ar a rudaí óga; an leacht seo ó bhó nó ó ghabhar a ólann daoine agus a úsáidtear i ndéanamh earraí déiríochta; sú bán ar bith atá cosúil le bainne
aon, gan aon (má tá cuidiú ar bith agat; níl duine ar bith istigh)
aon den chine daonna, fear nó bean; neach ar bith (dá mbeadh deifir ar dhuine)
buachaill; duine óg ar bith
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
a bhaineann le muintearas idir dhaoine (club sóisialta, cruinniú sóisialta); a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne i gciall ar bith (go háirithe socruithe agus rialacha chun leas an phobail a chur chun cinn) (árachas sóisialta); a bhaineann le grúpaí nó aicmí daoine sa phobal de réir a gcéime nó a seasaimh sa saol etc.