EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
geall fir1 rud a thugtar mar dheimhniú go ndéanfar rud éigin (dul i ngeall ar rud); airgead a chuirtear ar iomaitheoir i gcomórtas (geall a chur ar chapall i rás); comhartha dúshláin (geall comhraic); bua, duais (an geall a bhreith ó dhuine); dealramh, cuma (tá geall fáis sna barra) ► geall le, i ngeall le i muinín, i dtaobh le (bheith i ngeall le cúpla punt); beagnach (tá sé geall le bheith déanta); cosúil le (ba gheall le féasta é) ► de gheall ar ar mhaithe le (de gheall ar do shláinte); ar intinn rud a dhéanamh (má tá tú de gheall ar imeacht) ► mar gheall ar de bharr (mar gheall ar an taisme); i dtaobh, toisc (cad mar gheall air? ná déan é mar gheall ormsa)
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
a bhfuil geall maitheasa ann; réidh le dul i ngeall ar rud
dréim le daoine eile chun rud (mar dhuais, geall etc.) a bhuachan
duine misniúil cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán
lua déanta air; geallta le pósadh
iasacht airgid le teach nó talamh a cheannach agus an áit féin i ngeall leis go dtí go n-aisíoctar ina iomláine é laistigh de thréimhse áirithe
gealladh go gcomhlíonfar coinníoll etc., nó go bhfuil rud chomh maith leis an bhfocal a thugtar leis
thar ceann (labhair mé ar do shon); ar mhaithe le (ar son na ndaoine, na síochána); i gcúiteamh ar (ar son a ndearna tú dom); mar gheall ar (is fiú é a léamh ar son na stíle atá ann)
de thoradh, mar gheall ar; maidir le
mar gheall ar, maidir le (cad ina thaobh)