DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
comhrá teasaí, bruíon le focail; léiriú na réasún atá i bhfabhar nó in aghaidh ruda
mothú nó léiriú báúlachta le duine ar cé chomh buíoch is atá tú de
plean a léiríonn conas atá airgead na bliana le caitheamh ag an stát
tomhas meáchain do sheoda; aonad chun fíneáltacht óir a léiriú (Tá ór 22 carat níos fíneálta ina mhianach ná ór 14 carat)
ciall nó brí áirithe a bheith le rud; léiriú, míniú (ní hé sin a chiallaíonn an focal)
píosa tanaí leathan adhmaid (clár dubh, clár smúdála); bord, cuntar; clúdach pota nó bosca, claibín; dromchla leibhéalta (clár éadain, clár droma); machaire (clár Fódla); tábla, liosta (clár ainmneacha, clár ama); léiriú raidió nó teilifíse
stocaire ar cóisir etc. agus é faoi bhréagriocht le tuí; ball d'fhoireann d'aisteoirí fáin a théadh thart faoi Nollaig ag léiriú drámaí traidisiúnta
ball miotail a dhéanann cling nuair a bhuailtear é, cloigín; gléas a thomhaiseann agus a léiríonn an t-am
marc (comhartha cluaise, comhartha ceiste); nod a thugann rud le fios (rinne sé comhartha dom); tuar a léiríonn rud atá le teacht (comhartha fearthainne); rian, cosúlacht (comhartha scine; ní bhfuair sé ach comhartha); aird, ceann (ná tóg aon chomhartha de); fógra, méar eolais (comharthaí bóthair); rian aitheantais (comharthaí aithne, comharthaí sóirt)
léiriú; marcáil; comhartha a dhéanamh
léiriú áthais, i bhfocail nó i scríbhinn, do dhuine as mar a d'éirigh leis rud a dhéanamh
fuaim seachas guta i dteanga (Léirítear consain le litreacha seachas a e i o u)
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
ealaín, go háirithe ealaín na filíochta; dréacht i bhfilíocht seachas i bprós ina léiríonn duine a smaointe agus a shamhlaíocht (i línte tomhaiste de ghnáth agus rím iontu); cinniúint (bhí an bás i ndán dó)
a léiríonn scaradh etc. (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint etc. (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth); de + a4 = dá4 ; de + an = den; de + ar = dar3 ; de + ár2 = dár1 ; de + ar3 = dár2
sampla, léiriú; slacht, néatacht; áille, deise; ortha, geis
mír a chuirtear roimh fhocal chun contrárthacht bhrí an fhocail sin a léiriú (dí-adhlacadh, díchuimhne)
mír bhriathartha a léiríonn an aimsir chaite (d'ith sé agus d'ól sé a dhóthain)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
focal a chuirtear le briathar, aidiacht nó dobhriathar eile mar bhreis eolais air agus a léiríonn conas, cá mhéad, cathain etc. (rud a dhéanamh go mall, go hiontach mall, go han-mhall ar fad)
scéal a léirítear ar stáitse
léiriú; aghaidh nó cuma a chur ar rud
píosa miotail chun glas a oscailt, nó chun clog etc. a thochras; oscailt (eochair eolais); siombail i scríobh ceoil a léiríonn airde an ghléis
foirm den bhriathar sa Laidin, etc. a léiríonn gurb é an t-ainmní cuspóir an ghnímh
mothú nó léiriú áthais roimh dhuine (chuir sé fáilte roimhe); focal nó beannú áthais
fear nó bean feasa, fáidh; (sa ghramadach) foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith le teacht
focal a léiríonn brón nó uafás; seachrán, fán an tsaoil (tá sé imithe ar faraor)
focail nó comharthaí i bhfoirm achomair a léiríonn smaoineamh nó riail ar leith, ar nós H₂O = uisce
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear chun guí, dóchas nó éiginnteacht a léiriú (fan go dtaga sé; nárab é duit)
foirm ghramadúil d'ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu (teach an tsagairt, muintir na tíre, lucht leanúna, Sráid Uí Chonaill, trasna na Bóinne, timpeall na háite, ag ól dí)
cion nó searc mhór (idir fear agus bean, nó idir dhaoine); léiriú ceana (níor ghráigh mé riamh é); an té a ghráitear (a ghrá mo chroí); déirc, gar (le grá dia orm a rinne sé é)
líne a léiríonn cad é mar atá luach ruda ag dul suas nó síos thar thréimhse áirithe
fuaim a dhéantar gan úsáid a bhaint as an teanga ná na fiacla ná na beola (is é sin, gan chonsan) ar nós a, e, i, o, u, gearr nó fada, á n-úsáid leo féin nó le chéile chun fuaim a léiriú
focal a léiríonn iontas nó áthas, nó a tharraingíonn aird ar rud
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
athrú ar dheireadh focail chun a fheidhm ghramadúil a léiriú
fothrach, múchán; rian, lorg; (sa ghramadach) an aimsir den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith ar siúl san am i láthair
focail nó siombailí scríofa a thuiscint; focail scríofa a rá os ard (léigh amach é); rá (cé a léigh an tAifreann?); bua na léitheoireachta (níl léamh ná scríobh aige); ciall, míniú, léiriú (cártaí, lámh duine, a léamh); tuiscint, dul amach (níl aon léamh ar an bhfear sin)
mapa, cairt a léiríonn an domhan, nó cuid de, nó na spéartha etc.
a léiríonn nó a mhíníonn; samplach
a dhéanamh léir, míniú; cur in ord, socrú (do chuid oibre a léiriú); críochnú (béile a léiriú); cur i láthair nó ar stáitse (dráma a léiriú)
aiste léirithe nó chritice
léiriú poiblí ar thuairim, le mórshiúl nó cruinniú, mar shampla
dán gearr ina léirítear mothúcháin phearsanta an fhile; focail amhráin
marc scríofa a léiríonn fuaim chainte mar atá i litreacha na haibítre; teachtaireacht scríofa faoi chlúdach (scríobh sé litir chugam)
bealach pras chun caint a scríobh le poncanna agus le stríoca a léiríonn na fuaimeanna éagsúla
léiriú i bhfoirm cairte ar an domhan nó ar chuid de
míreanna scartha de chlárphictiúr atá le cur le chéile arís chun an pictiúr iomlán a léiriú