DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ordú, tiomnú (na Deich nAithne)
ordú míleata do dhaoine fanacht ina dtithe le linn tráthanna áirithe
cumadh, cumadóireacht; ordú nó aithne; rud a rá nó a léamh amach do dhuine eile le scríobh
glaoch amach go hard agus go soiléir (rud a fhógairt ón altóir); dearbhú go poiblí (cogadh a fhógairt); poibliú (earraí a fhógairt); ordú, bagairt (duine a fhógairt as an teach); rabhadh (is maith an aire an fhógairt)
ordú bunaithe ar bhreithiúnas cúirte
d'fhocal a thabhairt (gheall mé dó go rachainn ann); deimhniú, móidiú (déanfar é, geallaim duit; tá an bheirt acu geallta); cur in áirithe mar chinniúint, ordú (an rud a gheall Dia dúinn); fonn, fuadar (tá gealladh maith faoi)
cur in ordú ceart; cóiriú, feistiú (ghléas sí amach í féin)
cineál de chodladh ina labhraíonn nó a ngníomhaíonn an té atá curtha faoi mar a ordaíonn an hiopnóisí dó
cóiriú, socrú (scéim a leagan amach); cloí (leag sé amach lena dhorn é); ordú (obair a leagan amach do dhuine)
bealach nó dóigh le rud a dhéanamh (modh oibre); iompar ceart (modh agus múineadh); urraim (modh don aois); measarthacht (dul thar modh le rud) (sa ghramadach) gné den bhriathar a léiríonn cé acu ráiteas, ordú, guí, etc. atá i gceist (modh táscach, ordaitheach)
mír bhriathartha a ordaíonn gan rud a dhéanamh (ná habair é; ná bíodh eagla ort)
mír cheisteach dhiúltach roimh bhriathar (nach bhfeiceann tú féin é? nach bhfuil do dhóthain agat?) nó ag tabhairt ordú (nach suífeá)
múineadh, teagasc; treoir nó ordú scríofa ó dhochtúir chun cógas a ullmhú, leigheas; liosta de na nithe agus de na treoracha is gá chun bia éigin a ullmhú
sagart nó ministir a dhéanamh de dhuine i searmanas eaglaise; rí a chorónú; ordú, socrú; maisiú, cóiriú
(sa ghramadach) an modh den bhriathar a úsáidtear agus ordú á thabhairt
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
gan a bheith in ordú; as gléas
gairm nó ordú cúirte, próiseas
rud éigin a deirtear, abairt, focal (níor creideadh mo ráite); rud a chur i bhfocail, labhairt (abair é seo dom; ní dúirt sé dada); aithris (abair do phaidreacha); insint (déarfaidh mé le d'athair thú; abair scéal); ordú (abair leis teacht); cur síos (sin mar atá ráite sa leabhar seo)
toil, mian, ordú (réir Dé a dhéanamh; bheith faoi réir duine)
ordú nó treoir iompair; ceannas, údarás (faoi riail Shasana); cód smachta san eaglais; slat tomhais ghrádaithe (riail siúinéara)
rith nó smachtú (tír a rialú); a choinneáil rialta nó faoi smacht; dearbhú, fógairt (a rialú go bhfuil rud as ordú); líniú (páipéar a rialú)
gníomh nó gníomhartha foirmiúla mar a ordaíonn nós nó dlí
ordú scríofa ar fhoirm chlóbhuailte a threoraíonn do bhanc suim áirithe airgid (as cuntas an scríbhneora) a íoc leis an té atá ainmnithe san fhoirm
maise, blás, dea-ordú (éadach, hata, i stá)
uachtú; ordú (mar a thiomnaigh Dia dúinn); cur faoi choimirce (tiomnaím m'anam do Dhia); lua, ainmniú (séipéal a thiomnú; leabhar a thiomnú do dhuine); ligean ar iontaoibh
glaoch nó ordú, chun dul faoi bhráid cúirte