PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Jur: Decree absolute, ordú m daingean.
In accordance with your instructions, de réir mar a d'ordaigh tú.
Administrative order, ordú m riaracháin.
Affiliation order, ordú m atharthachta.
Agreeably to your instructions, de réir mar a d'ordaigh tú.
Aye, aye, sir! ar ordú, a dhuine uasail! tá go maith, a chaptaein!
At s.o.'s behest, ar ordú duine.
Bespoke garment, ball éadaigh a dhéantar ar ordú.
U.S: Blanket order, ordú ginearálta.
Cash with order, iníoctha ar ordú.
Chair! Chair! Ordú! Ordú!
It was done at, by, his command, rinneadh ar a ordú sin é.
To carry out a commission, ordú m a chur i gcrích.
He refused compliance with the order, dhiúltaigh sé géilleadh don ordú.
(Of livestock) They are in good, bad, condition, tá ordú maith, droch-ordú, orthu.
To direct s.o. to do sth., ordú do dhuine rud a dhéanamh.
I am directed by the Minister to state . . ., tá ordú agam ón Aire a rá ...
To his everlasting disparagement he signed the decree, thuill sé náire shíoraí de bharr a ainm a chur leis an ordú.
To give effect to sth., rud (ordú, etc.) a chur i bhfeidhm.
To enjoin (on) s.o. to do sth., ordú do dhuine rud a dhéanamh.
In good fig, in ordú maith, go buacach.
Com: To fill an order, ordú a fhreastal.
He gave orders for the boxes to be packed, thug sé ordú na boscaí a phacáil.
Foreign money order, ordú m airgid idirnáisiúnta.
An order from the colonel, ordú ón gcoirnéal.
An injunction to stay proceedings, ordú (cúirte) le cúis a chur ar gcúl.
To instruct s.o. to do sth., ordú do dhuine rud a dhéanamh.
Mil: To issue an order, ordú a chur amach.
Jur: Maintenance order, ordú m cothaithe.
To give s.o. notice to do sth., a ordú do dhuine rud a dhéanamh.
Jur: To receive notice to do sth., ordú cúirte, foráileamh, a fháil rud a dhéanamh.
Com: In obedience to your orders . . ., de réir mar a d'ordaigh tú ...
What the law ordains, an rud a ordaíonn an dlí.
To put sth. in order, rud a chur in ordú.
In good order, in ordú maith, i gcaoi mhaith.
In good working order, in ordú maith oibre; i bhfearas.
To rule sth. out of order, a rialú rud a bheith as ordú.
To rise to a point of order, éirí ar phointe ordaithe.
He gave orders that it should be done, d'ordaigh. sé a dhéanamh.
He gave me orders to do it, d'ordaigh sé dom a dhéanamh.
By order of . . ., ar ordú . . .
By order of the king, ar ordú an rí.
Com: Pay to the order of . . ., íoc ar ordú . . .
Pay X or order, íoc le hX nó lena ordú.
Bill to order, bille ar ordú.
To place an order with s.o. for sth., rud a ordú ó dhuine.
To put goods on order, focal a chur ar earraí, earraí a ordú.
By order and for account of s.o., ar ordú agus ar chuntas duine.