EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
foreign, a. 1 Iasachta, coimhthíoch, deoranta. Such actions are foreign to his nature, ní dual dó a leithéid de ghníomhartha. These ways are foreign to us, is fada ónar ndúchas na slite seo. Med: etc: Foreign body, ábhar deoranta, iasachta. 2 Allúrach, coigríoch, eachtrannach. Foreign countries, foreign parts, tíortha, réigiúin, thar lear. He has been in foreign parts, tá tamall caite aige ar an gcoigríoch, thar lear, i gcéin (ón mbaile). Our relations with foreign countries, ár gcaidreamh ar thíortha iasachta, ar thíortha thar lear. Foreign trade, trádáil leis an gcoigríoch. Foreign money order, ordú m airgid idirnáisiúnta. The Foreign Office, Roinn Gnóthaí Eachtracha.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To depend on foreign supplies, bheith taobh le hearraí iasachta.
Com: To dump goods on a foreign market, earraí a dhumpáil ar mhargadh iasachta.
Foreign exchange, malairt f eachtrannach.
(Foreign) exchange broker, bróicéir malairte (eachtrannaí).
To interlard writings with foreign words, focail iasachta a chur isteach go tiubh i scríbhinní.
Foreign-made, (earra) de dhéantús m iasachta.
Ecc: Foreign missions, misin choigríocha.
People of foreign appearance, daoine a bhfuil dreach coimhthíoch orthu.
The Foreign Office= An Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Foreign politics, polaitíocht eachtrannach.
He has a foreign pronunciation, tá blas gallda aige.
He speaks with a suggestion of a foreign accent, tá blas beag coimhthíoch le haithint ar a theanga.
To tell of foreign lands, bheith ag eachtraí ar thíortha i gcéin.
Foreign trade, trádáil choigríoch.