DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
titim nó truip bheag trí bharr coise a bhualadh ar rud éigin
bail an ruda atá beag, laghad
rud beag bídeach beo sa chorp, miocrób; frídín (a tharraingíonn galar go háirithe)
cuid bheag de rud, giota, píosa
duine nó rud caoch; ainmhí beag faoi thalamh a bhfuil súile beaga agus fionnadh mín air
toradh beag cruinn súmhar a fhásann ar chrann nó ar thor (caor fíniúna, caor chon); rud lonrach beodhearg (caor thine, caor thintrí)
ceannach ruda amach trína thógáil ar cíos agus díol as ina shuimeanna beaga i bhfad aimsire
cnap nó diosca beag chun baill éadaigh a dhúnadh; cnap beag a chuireann rud éigin ag obair nuair a bhrúitear é (ar nós cnaipí i mbosca ceoil nó ar chlóscríobhán)
ticéad nó páipéar beag clóbhuailte is féidir a mhalartú ar rud eile; foirm iontrála nó iarratais
beag a dhéanamh de rud; easonóir; focal a chríochnaíonn ar -ín, -óg, etc. le laghad nó cion a chur in iúl
am nó spás idir dhá rud; dreas beag ceoil idir dhá chuid de dhráma
dúil bheag bhídeach; rud beag bídeach beo (ar nós seangán, beach, ciaróg etc.) a mbíonn sé chos air; ainmhí allta, péist
fuarú beag a dhéanamh ar rud, aerú
fíneog; aon rud beag bídeach (níl oiread na fríde ann)
fostú ruda ag duine agus tar éis an luach iomlán a bheith íoctha ina chodanna beaga aige gur leis féin ansin é
duine nó rud álainn; bád beag seoil cois cósta agus í níos lú ná púcán
suim bheag airgid a lamháiltear de chuntas nó de luach ruda; liúntas
liobar de rud nó de dhuine; buille beag
duine nó rud leathbháite fliuch; iasc beag bídeach fíoruisce
gléas amhairc a mhéadaíonn rudaí an-bheag don tsúil
rudaí beaga, blúiríní, mionbhruar
caint faoi rudaí beaga gan tábhacht
samhail nó cóip bheag (de rud)
duine nó rud mór (an mór is an beag); carthanacht (mór a dhéanamh le duine); bród (tá an mór sa duine sin)
áras ina gcónaíonn éin, mar aon le roinnt ainmhithe beaga agus feithidí, agus a dtógann siad a rudaí óga ann (nead giorria, nead dreoilín; nead seangán); áras seascair ag duine; buíon, drong (nead bithiúnach)
neamhní, rud beag gan tábhacht
rud nach bhfuil beo (nithe beaga le ceannach); cúrsa (os cionn gach uile ní); cúis tábhachta (ní ní liom é sin)
seoid bheag chruinn liathbhuí a úsáidtear i muincí agus i seodra eile (Fásann an péarla istigh in oisrí áirithe); aon rud atá cosúil le péarla nó aon rud atá an-luachmhar
(le héan) feadóg; aon rud beag
duine nó rud beag suarach gan mhaith
pionsúr beag chun ribí a bhaint nó chun breith ar rudaí beaga
sac beag fuaite in éadach duine le rudaí a choinneáil ann; sparán (tá póca teann aige)
ní éigin gan a ainm a lua (an rud sin a cheannaigh tú); cúrsa, scéal (an rud a tharla, atá le rá agam); gníomh, beart (an rud a rinne sé); créatúr beo (tá rud beag aici; an rud óg; nach é an rud salach é); acmhainn, sochar (tá rud aige sin; fuair sé rud maith orthu); ní a iarrtar (déan rud ar d'athair); imní, brón (ná bíodh rud ort faoi)
solaoid, cás a thugtar le cásanna eile a léiriú; duine nó rud a fhónann mar phatrún le leanúint nó le seachaint (ní maith an sampla dá chlann é); cuid bheag de rud a léiríonn cad é mar shórt é an t-iomlán (sampla de mo chuid oibre); comhartha iontais (samplaí is míorúiltí); ainniseoir bocht
sliogán, blaosc; soitheach beag chun rudaí a leá ann ar an tine
codanna beaga a dhéanamh (de rud) (stróic sé ina dhá leath, ina phíosaí, é); tarraingt le fórsa, sracadh (stróic mé aníos as an talamh iad; ag stróiceadh a chuid gruaige); strácáil (tá sé ag stróiceadh leis); spalpadh (ag stróiceadh eascainí); stráice (stróiceadh mór oibre)