Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: siúir · siúit · siúr · stir · stiúrú
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
stiúir bain clár leathan adhmaid nó miotail ar insí ar dheireadh báid nó eitleáin lena stiúradh; smacht (stiúir a chur ar pháistí); claonadh, gotha, geáitse (stiúir chainte, throda; stiúir bháistí ar an lá); cuma, fuadar (tá stiúir nimhe air)
RELATED MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
an ealaín a ghabhann le stiúradh eitleán
duine a stiúrann cúram éigin ar nós siopa nó monarcha nó club
bata beag; bata le ceol a stiúradh
suíomh stiúrtha i leoraí
an duine a stiúrann imeachtaí sa Dáil
duine a stiúrann ainmhí ar ghreim cinn; giolla
giúiré (coiste cróinéara, coiste cúirte); meitheal a thoghtar chun déileáil le gnó áirithe (coiste stiúrtha)
tabhairt suas, stríocadh (géilleadh don namhaid); bheith umhal (géilleadh do Dhia); tabhairt isteach (géilleadh do phiseoga); admháil (géilleadh d'argóint); tosach a thabhairt do (slí a ghéilleadh do dhuine); freagairt (ghéill an bád don stiúir)
smacht, stiúir, ceannas (ort féin)
gléas stiúrtha báid
lámh stiúrtha (rothair, céachta etc.); lámh chrochta (buicéid, sáspain etc.); géag nó cos fhada
(láimh in abairtí áirithe) an ghéag ón ngualainn anuas; crobh, an chuid den ghéag ón rosta anuas; páirt (lámh chúnta, lámh a bheith agat i rud); riar, stiúradh (cúram a ghlacadh ar láimh); scil (tá an-lámh aige); obair (rinne sé an-lámh air); comhiarracht (ag obair as láimh a chéile); coinneáil, cosaint (tugadh ar láimh é); cúram (faoi láimh dochtúra); gealltanas (seo mo lámh duit); diúltú (droim láimhe a thabhairt le duine); foréigean, neart (lámh láidir, an lámh uachtair); síniú (cuir do lámh leis sin); peannaireacht, scríobh (is deas an lámh atá aige); biorán (lámha cloig); an chuid de rud a mbeirtear greim air (lámh buicéid, maide rámha); tomhas (le capall) ceithre horlaí, (le hiasc, plandaí etc.) trí cinn
maide greamaithe de stiúir báid lena hoibriú
duine a stiúrann long isteach i gcuan; duine a stiúrann eitleán
rith, bainistíocht; stiúradh ranna rialtais, gnó etc.
fráma ciorclach a chasann ar acastóir (roth rothair, roth stiúrtha, roth muilinn); rud a chasann ar nós rotha (rothaí an tsaoil; d'iompaigh an roth air)
teach uachtarach na parlaiminte i dtíortha áirithe; an bord stiúrtha ar ollscoileanna áirithe
cur nó imeacht faoi sheol; fágáil calaidh; cur chun bealaigh (litir a sheoladh chuig duine); stiúradh, treorú (ag seoladh na mbó; cad a sheol anseo é?); rith, imeacht, cúrsa (chuir sé seoladh faoin scéal); ainm nó uimhir tí, sráide, baile etc. a bhfuil cónaí ar dhuine ann (m'áinm is mo sheoladh); cur i láthair an phobail (leabhar a sheoladh)
bád nó feithicil a choinneáil ar a cúrsa le stiúir nó le roth; treorú, smachtú (capall a stiúradh); rith (gnó, scrúdú a stiúradh; coiste stiúrtha)
foirgneamh cónaithe; foirgneamh poiblí (teach parlaiminte, teach pobail); struchtúr cosúil le teach (teach gloine, teach stiúrach)
treorú nó bagairt chun cinn (caoirigh a thiomáint); stiúradh, giollacht (capall, gluaisteán, a thiomáint); bualadh (liathróid, tairne, a thiomáint); sá, brú (bád a thiomáint chun an uisce; ná bí ag tiomáint na bhfear mar sin; tiomáin leat!); ruaille buaille, ruathar (tiomáint is dul trí chéile); éileamh, ráchairt (bhí tiomáint ar mhuca ann)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News