Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: cean · ceana · ceanán · ceann- · ceant
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
ceann fir1 an chuid den chorp taobh thuas den mhuineál; meabhair, éirim aigne (fear a bhfuil an-cheann air); ceannaire, taoiseach (ceann teaghlaigh, ceann treora); barr (ceann tairne; ceann staighre, leapa); tús, tosach (ceann báid; chun cinn); deireadh (ceann téide); aonad (ceann amháin, dhá cheann) i gceann ag deireadh (i gceann seachtaine); i bhfeighil, ag freastal ar (i gceann a ghnóthaí, dul i gceann oibre); le chéile (rudaí a chur i gceann a chéile) Ceann Comhairle an duine a stiúrann imeachtaí sa Dáil ceann feadhna ceannaire, ceannasaí ceann tíre rinn talún ag gobadh amach san fharraige ceann urra duine a bhfuiltear ag brath ar a údarás, ceannaire thar ceann ar son; in ionad
RELATED MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
fear atá ina cheann ar mhainistir
ardscoil; cumann le léann nó eolaíocht a chur chun cinn
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
ball cinn lena mbraitheann feithid a bealach roimpi nó lena lorgann sí bia
rópa nó strapa ar cheann capaill, asail etc., chun é a sheoladh nó a cheangal
éadrom sa cheann; róthógtha san intinn
an chuid tosaigh den cheann; an chuid tosaigh den rud (aghaidh tí, aghaidh aille)
os coinne, os comhair; chun cinn
brón gur tharla rud mar a tharla sé; náire, ceann faoi
an ceann polaitiúil atá ar Roinn Stáit, mar shampla, an tAire Oideachais
cé is moite (de), taobh amuigh de, seachas (ach amháin an ceann seo)
leaba luascáin de líontán nó de chanbhás agus í crochta le rópaí ar gach ceann di
ceann amháin (a haon); duine nó rud amháin (gach aon); cárta imeartha nach bhfuil ach marc amháin air (an t-aon muileata); ar bith (níl aon duine istigh); céanna (tá siad ar aon dath le chéile); amháin (an t-aon iníon atá acu)
amháin, i dtaobh le ceann amháin
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
ard; príomh-; sár-; uasal; ar chéim chun cinn
tógáil in airde (ardú ón talamh); cur suas nó chun cinn (ardú céime); dul suas (cnoc a ardú); tógáil (rud a ardú leat)
ceann de na feadáin chaola a bheireann an fhuil ón gcroí go dtí baill eile den chorp
rudaí nó daoine a thabhairt i gceann a chéile; teacht i gceann a chéile
mullach an chinn
ceann de ráillí staighre
bean atá ina ceann ar mhná rialta i gclochar
píosa éadaigh nó ábhair eile le rudaí a choinneáil i gceann a chéile
bean atá ina ceann ar thír; bean chéile rí; cárta imeartha a bhfuil pictiúr banríon air
nach bhfuil mór (teach beag); nach bhfuil fásta suas (páistí beaga); nach bhfuil chomh mór (an ceann beag); nach bhfuil fada (tamall beag); nach bhfuil ard (torann beag); nach bhfuil iomlán nó nach maireann i bhfad (faoiseamh beag); nach bhfuil mórthairbheach (pinginí beaga a shaothrú); nach bhfuil i bhfad uainn (ar ball beag); nach bhfuil iomadúil (scata beag); atá sóisearach (Brian beag); ar díol ceana é (a mháthair bheag); ar díol trua nó tarcaisne é (duine beag dearóil)
ach sa bheag, nach mór (beagnach céad ceann; iad go léir beagnach)
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
dornán páipéar etc.; ualach droma arbhair etc.; rudaí ceangailte i gceann a chéile le sreangán nó i bpáipéar
dhá dhuine; dhá cheann
banda miotail ar cheann bata lena neartú
(faire agus troscadh) oíche chinn féile
barr géar cnoic nó sléibhe; balla cinn tí a bhfuil barr triantánach air; aill; cúinne; ciumhais, imeall; tosach sciorta
ceann maol, plait
sliogán; cás an chinn
fáinne bláthanna le cur ar cheann duine nó le crochadh ar rud éigin mar ornáid
ceann eallaigh ó bhíonn an chéad ghamhain aici
bíoma cinn tí; barr (lán go boimbéal)
iasc ballach blasta atá le fáil in abhainn nó i loch; ceann amháin éisc (breac éisc)
ceann bréagach gruaige
an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua)
stumpán adhairce; bindealán cinn; bindealán méire
éan beag a bhfuil ceann agus brollach buí air, siobháinín bhuí
taobh síos suas; iompaithe tóin thar ceann; contrártha, mícheart
cur rudaí i gceann a chéile ina mburlaí
dealbh de cheann agus de bhráid duine
an ceann ramhar de bhata etc.
corp an duine seachas an ceann agus na géaga; an chuid de ghúna a chlúdaíonn an chabhail, cabhaileog; (le feithicil, foirgneamh etc.) creatlach, fráma
léarscáil farraige mar aon le cóstaí, taoidí, doimhneacha agus tanaíocha, agus baill chontúirteacha eile; cáipéis scríofa oifigiúil ina dtugtar cearta agus pribhléidí, go háirithe ceann a thagann ó cheann stáit nó ó rialtas (cairt baile, cairt cathrach)
ainmhí mór Astrálach le heireaball fada agus a chosa deiridh chomh láidir sin go dtig leis léim mhór fhada a thabhairt (Iompraíonn an ceann baineann a rudaí óga i bpóca faoina bolg)
réigiún i dtíortha áirithe; ceann de stáit na hEilvéise
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News