EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
céile fir4 compánach (céile comhraic, céile imeartha); an té atá pósta ag duine (bean chéile, fear céile) ► a chéile ceann leis an gceann eile (aithníonn siad a chéile, mar a chéile iad) ► le chéile in éineacht, i dteannta a chéile ► trí chéile, trína chéile measctha; buartha; le chéile
trí2 rfh ó thaobh taobh, ó cheann ceann (ag gabháil trí Thrá Lí; dul tríd an liosta); polladh, réabadh (chuaigh an chaint trí mo chroí; ag teacht aníos tríd an talamh); ar fud (ag siúl tríd an aonach; tá an teach trí thine); measctha le (cuir ola tríd); ar feadh (tríd an oíche, tríd an stoirm ar fad); mar gheall ar (trí dhearmad a tharla sé) ► trí chéile i dteannta a chéile, measctha le chéile, in achrann; buartha ► tríd is tríd ar an mórgóir
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ball éadaigh a dhéanamh as snáth trí lúba a dheánamh agus a cheangal le chéile le bioráin
tiubh ar a chéile, gar dá chéile; deacair gabháil tríd (coill dhlúth); dian, daingean
dúile uile na cruinne trí chéile, nádúr
éadach a dhéanamh ar sheol trí shnáitheanna a chur trasna thar a chéile; (le scéal etc.) cumadh, cur le chéile
spás a dhealaíonn dhá rud óna chéile (idir a trí is a ceathair); istigh i measc (idir na tithe, istigh eatarthu); le chéile, i dteannta a chéile (cheannaigh siad eatarthu é; eadrainn féin an chaint seo); leath slí (idir shúgradh is dáiríre); araon, le chéile (idir chorp is anam)
(le véarsaíocht) dhá theanga a bheith trí chéile inti
cur trí chéile (rudaí a mheascadh le chéile); corraí, cur thart is thart (measc le spúnóg é)
gan a bheith cruinn nó ceart; (le cúrsaí na haigne) doiléir, trí chéile, scaipthe; liobarnach, ainnis
trí chéile (caint, smaointe, scaipthe)
pionna fada caol adhmaid nó miotail a chuirtear trí fheoil chun í a choimeád le chéile agus í á róstadh
dhá cheann téide a shnaidhmeadh leis na duail a chur trí agus thar a chéile; dhá phíosa adhmaid a ghreamú le chéile le rádalú a dhéanamh ar a dhá gceann
píosa lúbtha de shreang mhiotail agus é bioraithe ar a dhá cheann le tiomáint trí leathanaigh pháipéir chun iad a ghreamú le chéile; rud mar é seo (agus déanamh U air) le cur in adhmad chun sreang a fheistiú
meascadh, croitheadh (moirtéal a shuaitheadh); fuineadh (taos a shuaitheadh); searradh, aclú (matáin, géaga, a shuaitheadh); traochadh, tuirsiú (bheith suaite tar éis an lae); cur trí chéile, corraí (aigne shuaite; tá an fharraige suaite); cíoradh, plé (ag suaitheadh na ceiste)
trí chéile, as a chéile, as ord
pulcadh; fuadar; suaitheadh, dul trí chéile, achrann
suaitheadh, achrann, dul trí chéile