TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
change1, s. 1 Athrú m, athrach m; casadh m (na taoide). Change of mind, malairt f intinne, athintinn f. Change of abode, aistriú m, athláithriú m. Change for the better, biseach m, iompú m bisigh. A change for the worse, iompú donachta. Barometer at 'change', baraiméadar m 'luaineach'. To make a change, athrú a chur (in, ar). This journey will be (a bit of) a change for you, déanfaidh an t-aistear seo athrú dhuit. For a change, mar nuacht, mar athrú. Physiol: Change of life, athrú m saoil. Change of front, (i) Mil: malairt treo; (ii) athrú m intinne, athrú polasaí, iompú m (i gcúrsaí polaitíochta). 2 Change of clothes, of horses, athrach éadaigh, chapall. 3 (Exchange) Malartú m. 4 a Briseadh m airgid. Small change, sóinseáil bheag. To give (s.o.) change for £5, cúig phunt a shóinseáil, a bhriseadh (do dhuine). P: He won't get much change out of me, ní mórán brabaigh a gheobhas sé ormsa. b (=Exchange) Malartán m. 5 To ring the changes on a subject, gach aon ghné d'ábhar a phlé.
change2 . 1 v.tr. a Athraím. The water was changed into wine, rinneadh fíon den uisce. He changed his note, his tune, tháinig malairt phoirt dó. To change the subject, ábhar eile a tharraingt anuas. S.a. MIND1 2 b I changed my clothes, chuir mé malairt, athrach, éadaigh orm féin. S.a. GEAR1 3, HORSE 1. c He changed his seat, d'aistrigh sé go suíochán eile, go malairt suíocháin. Rail: To change trains, abs. to change, aistriú ó thraein go traein eile. All change! aistríodh gach duine! He changed colour, d'iompaigh a lí ann; chuir sé dathanna de. To change front, (i) Mil: treo a athrú; (ii) F: iompú, teacht, ar mhalairt intinne (i gcúrsaí polaitíochta). S.a. HAND1 1, PLACE1, SIDE1 5. d To change one thing for another, rud a bhabhtáil ar rud eile; rud a mhalartú ar rud eile. e To change a banknote, nóta bainc a shóinseáil, a bhriseadh. 2 v.i. Athraíonn. It changed for the better, tháinig iompú bisigh air; chuaigh sé i bhfeabhas; (of weather) bhisigh sé. It changed into a bird, rinne éan de; rinneadh éan de. S.a. CHOP8 1, MANNER 2.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He adapted himself to the change, thit sé isteach leis an athrú.
Change of air, malairt f spéire.
A change for the better, iontú m bisigh.
You change carriages at . . ., aistreoidh tú ag ...
F: Chops and changes, síorathruithempl.
To chop and change, a bheith ag síorathrú.
Fb: To change ends, athrú timpeall.
He is for ever chopping and changing, bíonn sé ag síorathrú (a intinne).
To change the frequency, réim f na minicíochta a athrú.
To change gear, giar a athrú.
He gave me the change in half-pennies, ina leathphinginí a thug sé an briseadh dom.
To change hands (of thing), dul ó dhuine go duine.
To change horses, capaill úra a chur i gcuing.
Change of horses, capaill úra.
This change was inevitable, chaithfeadh an t-athrú seo teacht.
To change water into wine, fíon a dhéanamh den uisce.
It is late in the day to change your mind, tá sé ródhéanach agat intinn eile a dhéanamh.
Manners change with the times, ní lia aois ná gnás.
The change is becoming more marked, tá an t-athrú ag éirí níos follasaí.
To change one's mind, athchomhairle a dhéanamh; teacht ar intinn eile.
To change places with s.o., malairt áite a dhéanamh le duine.
To change one's plans, teacht ar athchomhairle.
Th: Quick-change artist, aisteoir mearmhalartach.
F: You want a change of scenery, tá athrú aeir ag teastáil uait.
To change sides, dul i leith taoibh eile.
Small change, airgead mion, beag.
To change the subject . . ., le scéal eile a tharraingt anuas . . .
F: Suppose we change the subject, caithimis tharainn é mar scéal.
Sweeping changes, athruithe mpl ó bhun.
Till things change, go hathrach saoil.
To change water into wine, fíon a dhéanamh d'uisce.
To change the venue (of a trial), láthair na trialach a aistriú.
A welcome change, athrú a theastaigh.
A change for the worse, athrú m chun donachta.